Sí aidhm na féile ná cultúir na Gaeilge a thabhairt le chéile le samhlaíocht agus nuálaíocht; ceardlainne liteartha, léachtaí, scéalaíocht, dramaíocht de gach saghas: agallaimh beirte, luibíní, ceol, amhránaíocht, sean nós, siompóisiam, dealbhóireacht, péintéireacht, fótagrafaíocht, taighde staire, agus gach rud a bhaineann leis. Taispeáinfidh é sin don phobal go bhfuil áit iontach agus deiseanna iontacha ag baint le cultúir na Gaeilge. Deiseanna don phobal go léir.

Ba bhreá linn daoine atá tosnaithe Gaeilge a labhairt nó atá fós ag foghlaim a spreagadh teacht go dtí na himeachtaí Gaeilge le himeachtaí iontachta a bheidh lán de chultúir agus de chraic.

Bímid ag obair le muintir Chorca Dhuibhne, scoileanna Chorca Dhuibhne, Comhar Cumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Tobar Dhuibhne, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Ealaín na Gaeltachta, Comhlairle Contae Chiarraí, Údarás na Gaeltachta, is eile, chun tacaíocht agus comhairle a fháil agus scéal na bhféile agus ár n-imeachtaí a scaipeadh chun daoine a thabhairt i dtreo na Gaeilge agus an chultúr.

An Fo-choiste Gaeilge

Tharla forbairt mhór i 2021 i dtreo litríocht na Gaeilge nuair a chruthaigh fo-choiste Gaeilge Féile Lit chun béim mhór a chur ar na himeachtaí Gaeilge ach go háirithe.  Tá sé mar aidhm ag an bfo-choiste clár láidir, leathan agus suimiúil a chur faoi bhráid an phobail. Féach thíos foireann an fho-choiste atá ag forbairt scéal na Gaeilge i bhFéile Liteartha Chorca Dhuibhne.

Siobhán Prendergast Uí She

Tá Máistreach i bhFoilsitheoireacht aici agus tá sí ag obair le fiche cúig bliain i bhfoilsitheoireacht, ar dtús do Harvill Press i Londain agus ó 1999–2010 le Foilsitheoir Sliabh an Fholair (Brandon Books) sa Daingean. Le cúig bliana anuas tá a comhlacht fhéinig aici i mBaile an Fheirteáraigh, Seirbhísí Foilsitheoireachta an Daingin www.dinglepublishing.com ag cabhrú le scríbhneoirí atá ag foilsiú leabhar iad féin agus ag tabhairt seirbhísí proifisiúnta foilsitheoireachta do foilsitheoirí. Is eagarthóir gairmiúil í le AFEPI agus CIEP. Bíonn Siobhán ag obair do Arás na Scríbhneoirí ag tabhairt ceardlanna foilsitheoireachta.

Cian Ó Lorcáin

Rebecca Prendergast

Clodagh Flaherty

Pádraig Ó hAiniféin

Is mac léinn ollscoile i gColáiste na hOllscoile Corcaigh é Pádraig Ó hAiniféin atá ag tabhairt faoi chéim sa Ghaelainn agus an Fhraincis. Is as Lios Deargáin i Lios Póil dó agus ta sé ar an nduine is óige ar an bhfo-choiste. Thug sé ceithre shamhradh ag obair sa chafé liteartha (siopa leabhar cáiliúil sa Daingean) áit ar mhúsclaíodh a shuim i litríocht na Gaelainne.

Marie Fennell 

Is iar-státseirbhíseach í Marie. Chaith sí 39 bliain ag obair in Oifig Thithe an Oireachtais.  Bhí sí ina Cléireach do alán Choistí Parlaiminte i rith a saol oibre, an Comhchoiste um Chultúir, Oidhreacht agus an Ghaeltacht ina measc. Chuaigh sí ar scor i 2020. Tá Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach agus Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán bainte amach aici.