Nua-insint ar Hóiméar i nGaeilge ár linne

Ar Líne
Dáta: Dé Sathairn 21ú Sathairn 
Am: 4.00pm go dtí 5.10pm IST/GMT

Is beag duine nár chuala trácht ar scéal Odaiséis agus Léigear na Traí, ach an uair seo beidh Gaeilge sothuigthe in úsáid ag na haisteoirí. Réamonn Ó Ciaráin agus Darach Ó Scolaí a chuir na téacsanna ar fáil agus is iad na filí Ciara Ní É agus Dairena Ní Chinnéide a bheidh á reic. Feicfear íomhánna ar scáileán, cruthaithe ag Margaret Lonergan. Is iomaí nasc atá le brath idir scríbhneoireacht an Bhlascaoid agus Hóiméar. Dá bharr seo beidh an ócáid seo réamhthaifeadta in Ionad an Bhlascaoid.

An Ódaisé: I nGaeilge sothuigthe agus snasta 4pm Dé Sathairn, 21ú mí na Samhna.


IMRAM

Tugann IMRAM a lucht éisteachta/féachana ar aistear eolais, aistear ina gcuirimid eolas ar shaibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha trí mheascán d’imeachtaí éagsúla a chuimsíonn prós, filíocht agus ceol, agus sin i dtimpeallachtaí beoga. Údair a chur i láthair an phobail, iad i dteagmháil le léitheoirí agus léitheoirí nua á mealladh chucu féin, sin is croí IMRAM ann.