Turas timpeall Chorca Dhuibhne i gcomhluadar scríbhneoirí 

Ar Líne
Dáta: Dé Domhnaigh 22 Samhna
Time: 11.00am go dtí 11.40am IST/GMT

Céad míle fáilte romhaibh go Corca Dhuibhne. Mothaíonn sibh uaibh sinn i mbliana ach sín bhur lámh amach tríd an scáileán agus leanaigí an tslí scriofa linn. Le sár-scileanna taifeadadh (a bhuíochas  le TG4) tiocfaidh sibh in ár dteannta agus sinn ag bualadh le scríbhneoirí amuigh faoin aer i gCorca Dhuibhne. Beidh Ciara Ní É, Manchán Magan, Simon Ó Faoláin, Áine Ó Dubhshlaine agus Mary Kennedy ar a sámhín só agus iad ag léamh agus ag caint faoin dtírdhreach draíochtúil sa cheantar seo.

Toisc gur deacair dúinn taisteal i mbliana tá ticéid saor in aisce á dtairaiscint againn daoibh chun roinnt am a chaitheamh san áit is ansa linn ar domhan, Corca Dhuibhne.

Beidh An tSlí Scríofa á chraoladh 11.00am – 11.40am Dé Domhnaigh, 22ú mí na Samhna.