Ficsean bleachtaireachta as Gaeilge le Anna Heussaff and Proinsias Mac A Bhaird, faoi chathaoirleacht ag Pádraig Ó hAiniféin
Ionad: An Díseart – Nano Nagle Room
Dáta: Dé Sathairn 19 Samhain 2022
Am: 16.30 – 17.30 IST/GMT
Costas: Tá na ticéidí saor in aisce ach níl ach méid airithe ar fáil. Chun do áit a choiméad, brúigh ‘Book Now.
Tá Foras na Gaeilge agus Ealaín na Gaeltachta ag tacú leis an imeacht seo.

Crime Writing as Gaeilge with Anna Heussaff and Proinsias Mac A Bhaird. Chaired by Pádraig Ó hAiniféin
Venue: An Díseart – Nano Nagle Room
Date: Saturday 19 November 2022
Time: 16.30 – 17.30 IST/GMT
Tickets: Tickets are free but only a limited number are available. To reserve your place, press ‘Book Now’
Foras na Gaeilge and Ealaín na Gaeltachta are supporting this event.
Is úrscéalaí í Anna Heussaff a scríobhann leabhair do dhaoine fásta agus don aos óg. Tá roinnt mhaith scéalta bleachtaireachta scríofa aici – Bás Tobann, Buille Marfach, agus Scáil an Phríosúin ina measc. Tá duaiseanna bainte aici i gComórtais an Oireachtais, agus duaiseanna Leabhair Pháistí Éirinn i measc gradam eile.
Is as Árainn Mhór i dTir Chonaill do Proinsias Mac a’ Bhaird, agus tá idir fhilíocht, úrscéal, ghearrscéalta, dhrámaí agus amhráin scríofa aige. Bhain a úrscéal Tairngreacht duais An Post ‘Leabhar na Bliana’ sa bhliain 2019, leabhar a fhiosraíonn comhcheilg a bhaineann leis an Eaglais agus cumhacht an Phápa sa Róimh, agus le muintir Uí Néill agus Uí Dhónaill na hÉireann.
Cuirtear suim as cuimse i gcónaí i mistéir agus i gcúrsaí coiriúlachta, agus tá tóir ar an seánra i gcónaí. Tá taithí ag Proinsias Mac a’ Bhaird agus ag Anna Heusaff ar scríobh an chineál scéalaíochta seo le blianta anuas, agus ag an ócáid seo beidh comhrá eatarthu maidir leis an gcleasaíocht, an phleanáil, na carachtair agus na scéalta a bhíonn fite fuaite lena chéile laistigh dá leithéid d’úrscéal.
Labhróidh an bheirt scríbhneoir le Pádraig Ó hAiniféin a bheidh ina chathaoirleach ar an ócáid seo.



Lonnaigh Anna Heussaff an chéad dá úrscéal bleachtaireachta léi, Bás Tobann (2004) agus Buille Marfach (2010) ar leithinis Bhéarra ar chósta an Atlantaigh; i gceantar stairiúil Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath a lonnaigh sí Scáil an Phríosúin (2015); agus foilseoidh Cló Iar-Chonnacht úrscéal nua léi i 2023 a bheidh suite sa dá láthair. Mar aon le mistéirí agus teannas an ‘cérinneacháin’, ríomhtar ceisteanna móra sóisialta agus pearsanta sna scéalta.
Tá dhá úrscéal léi don aos óg, Hóng (2012) agus Sárú (2017) ar an liosta molta don Teastas Sóisearach; agus tá dramhaíl leictreonach, truailliú plaisteach sna haigéin agus scrios aeráide fite i bplotaí na scéalta.
Is gearr-úrscéal grá d’fhoghlaimeoirí fásta é Cúpla Focal (2007) agus é suite le linn rang comhrá Gaeilge do dhaoine fásta. Bhuaigh formhór na n-úrscéalta mórdhuais i gComórtais Liteartha an Oireachtais.



Rún an Bhonnáin – Tá dúnmharfóir i mbun oibre. Ceoltóirí ar an sean-nós á marú aige. Gan de cheangal fánach eatarthu ach nasc aisteach le Cathal Buí Mac Giolla Gunna, file agus údar ‘An Bonnán Buí’. Rún ársa a bhí ceilte leis na cianta is cúis le scrios agus ár inniu. An fada eile a choinneofar faoi cheilt é nó cé chomh fada is a rachaidh daoine áirithe le Rún an Bhonnáin a chosaint?
Tairngreacht – Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol. Is léir áfach, nach Conchúr amháin atá i gcontúirt agus go bhfuil comhcheilg ar siúl a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais.
Má tá Conchúr le teacht slán, caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa luathChríostaíocht féin, ach arís eile, an í seo an fíornamhaid? Mura n-éiríonn leis an mhistéir a réiteach in am, tiocfaidh an tuar faoi thairngreacht uafásach a rinneadh míle go leith bliain ó shin, tairngreacht a d’athródh an saol go deo!
Fatwa – Scríbhneoir Gaeilge ar thóir léitheoirí atá i gCormac Mac Ruairí. Tagann sé ar sheift ghlic le suim an phobail a mhúscailt i litríocht na Gaeilge, agus, ar ndóigh, le níos mó leabhar dá chuid féin a dhíol. Ní fada, áfach, go dtarraingíonn an leabhar is úire óna pheann aird antoiscigh Mhoslamacha. An dtiocfaidh éinne slán ón slad a thitfidh amach ar oileán dúchais an údair?
Tógtar muid ar thuras bríomhar eachtrúil ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Libia agus ón Araib ársa go dtí Gaeltacht Dhún na nGall sa leabhar seo; agus caitear súil fhonóideach ar dhéithe beaga na linne seo.
Beidh na leabhar le fáil sa Café Liteartha agus Dingle Bookshop. Beidh an scríbhneoir ag síniú cóipeanna dá leabhair tar éis an imeacht
Pádraig Ó hAiniféin
Is mac léinn ollscoile i gColáiste na hOllscoile Corcaigh é Pádraig Ó hAiniféin atá ag tabhairt faoi chéim sa Ghaelainn agus an Fhraincis. Is as Lios Deargáin i Lios Póil dó agus ta sé ar an nduine is óige ar an bhfo-choiste. Thug sé ceithre shamhradh ag obair sa chafé liteartha (siopa leabhar cáiliúil sa Daingean) áit ar mhúsclaíodh a shuim i litríocht na Gaelainne.


