Ionad: CANCELLED

Date/Dáta:  Sathairn an 20 Samhain 2021

Time/Am: 19.30 – 20.15 IST/GMT

Tickets: €15

An tIdirghníomhú idir teanga agus cultúr, agus ealaín an aistriúcháin.

Language Culture and the Art of Translation with Declan Kiberd and Irene Duffy Lynch

Is beag duine go raibh an oiread de thionchar aige ar Léann na Gaeilge is a bhí ag an Ollamh Declan Kiberd, scoláire acadúil agus scríbhneoir sárbhisiúil. Labharfaidh sé ar a mhórshaothar, Idir Dhá Chultúr, sraith aistí ina scrúdaítear an tidirghníomhú idir chultúir na Gaeilge agus an Bhéarla. Thug an tOllamh Kiberd léachtaí i mbreis agus fiche tír, agus bhí sé ina Ollamh i gCathaoir an Léinn Angla-Éireannaigh in Ollscoil Bhaile Átha Cliath ar feadh fiche bliain, geall leis.

 

Ina theannta beidh an t-údar agus an t-aistritheoir Irene Duffy Lynch.

 

Mórscoláire go bhfuil seasamh idirnáisiúnta aige i léann litríochta na hÉireann, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon is ea Declan Kiberd. Tá léachtaí tugtha thar lear aige i mbreis agus fiche tír.

Tá sé ina údar ar na scórtha alt, agus mórán leabhar tagtha uaidh. Soláthraíonn sé aistí agus léirmheasanna don Irish Times, don Times Literary Supplement, don London Review of Books, agus don New York Times. 

Rugadh Irene (Christina) Duffy Lynch i gClár Chlainne Mhuiris, i gContae Mhaigh Eo. Oileadh í i gColáiste Muire,Tuar Mhic Éadaigh, Coláiste Oiliúna Dhún Chéirigh, Baile Átha Cliath, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus Trinity College, Washington DC. Chaith sí seal ag múinteoireacht agus rinne an-chuid oibre sna meáin chumarsáide trí Ghaeilge agus Béarla in Éirinn/RTÉ, sa Bhruiséil, sna Stáit Aontaithe, san Afraic agus san Eilvéis. Tá dhá leabhar foilsithe aici, Treasures of Our Elders:Words of Wisdom, Irene Christina Lynch/Academy Press Lagos 2002 and Beyond Faith and Adventure: Irish Missionaries in Nigeria tell their extraordinary story. ICDL 2006
Tá Idir Mhná, a haistriúchán ar úrscéal John McGahern (Amongst Women), Titeann Rudaí as a Chéile, a haistriúchán ar úrscéal Chinua Achebe (Things Fall Apart) agus Loisceann na Coinnle go dtí an tOrlach, a haistriúchán ar úrscéal Sándor Márai (A gyertyák csonkig égnek/Embers) foilsithe ag Coiscéim.

Tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath agus pósta le hiarthaidhleoir Éireannach, an tAmbasadóir Joseph Lynch