Ionad: Live in-person at An Diseart
Date/Dáta: Dé Domhnaigh an 21 Samhain 2021
Time/Am: 12.30 – 13.15 IST/GMT
Tickets: €15
Heartfelt thanks to all at an An Díseart for making the wonderful building available to the Dingle Literary Festival
Sinéad Ní Uallachain i gcomhrá leis an scríbhneoir Eoghan Mac Giolla Bhríde a bhuaigh Leabhar Gaeilge na Bliana, An Post Irish Book Awards 2020.
Sinéad Ní Uallachain in conversation with writer Eoghan Mac Giolla Bhríde who won the Irish Language Book of the Year, An Post Irish Book Awards 2020.

‘Ní minic a tharlaíonn sé ach is iontach éachtach go dtarlaíonn sé go fóill, agus ar chor ar bith, cnuasach gearrscéalta a bhaineann an anáil díot as feabhas na scéalaíochta agus as úire an mhachnaimh.’ Pól Ó Muirí ag caint ar Cnámh, i Comhar.
Is é Cnámh an tríú cnuasach gearrscéalta le Mac Giolla Bhríde. Fuair an cnuasach an duais próis ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais in 2018. Tá 17 scéal in iomláine sa leabhar, scéalta a théann i ngleic le réimse leathan ábhar a bhaineann le saol an lae inniu.
‘Níl aon fhocal nó abairt ann nach gá é; ní thugtar aon sonra nach bhfuil feidhm aige agus is cás linn na carachtair a gcasaimid leo. Ceardaí oilte an scríbhneoir a thuigeann conas scéal a nochtadh le leidí agus a thuigeann nach gá dul i muinín na tuairisce (galar tógálach na gearrscéalaíochta go minic). Tá scríbhneoir cruthanta anseo, duine nach mór dóibh scríobh agus nach mór dúinne léitheoirí a saothar nó a shaothar a léamh. Ghealaigh an saothar mo chroí. Mairimíd beo.’ An Dr Róisín Ní Ghairbhí.

As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill d’Eoghan Mac Giolla Bhríde. Is scríbhneoir gearrscéalta agus scripte é. Foilsíodh a thríú bailiúchán gearrscéalta dár teideal Cnámh in 2020. Bhuaigh an cnuasach sin duais Leabhar Gaeilge na Bliana ag An Post Irish Book Award 2020 agus duais an tsaothair próis i gComórtas Litríochta an Oireachtais 2018. Bhí Eoghan mar chomhscríbhneoir ar na scannáin Song of Granite (2017) agus Silence (2012) agus bhí an phríomhpháirt aisteoireachta aige sa scannán Silence. D’aistrigh sé an leabhar clasaiceach An Prionsa Beag (Le Petit Prince) ón Fhraincis in 2015. D’fhoilsigh Coiscéim a chéad chnuasach gearrscéalta Idir Feoil is Leathar in 2002, agus a dhara chnuasach, Díbeartaigh, in 2005. Bhí sé mar eagarthóir ar leagan úr den leabhar Cáitheadh na dTonn, 2017, le Muirghein agus ar an bhailiúchán tomhasanna Tomhas Orm, Tomhas Ort!, 2016. Tá sé ina stiúrthóir ar an chomhlacht foilseacháin Éabhlóid a bhunaigh sé in 2008.

Sinéad Ní Uallachain
Is as Baile an Éanaigh i gCorca Dhuibhne do Shinéad. Tá sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar réimse cláracha, go príomha mar léiritheoir ar Thús Áite. Cuireann sí an podchraoladh Beo ar Éigean i láthair lena cairde agus comhghleacaithe Áine Ní Bhreisleáin agus Siún Ní Dhuinn. Tá suim aici i gcúrsaí drámaíochta agus ealaíne trí chéile – tá a cuid pictiúr le feiscint i leabhair a fhoilsigh na heagraíochtaí Fighting Words, Hope Guatemala, chomh maith leis An Gúm, Leabhair COMHAR agus Coiscéim. Tá cláracha curtha i láthair aici ar TG4, ina measc Beidh mé ar Ais (2018) agus Peig.
The Dingle Literary Festival was established in 2019 to create an annual book festival to bring readers and authors together in West Kerry. It’s a literary festival that celebrates living writers as well as honouring the literary heritage of the area. Festival events happen in both Irish and English and range across all genres and age groups. We present both author events and writers’ workshops.
Our vision is of a festival where literature, language and landscape converge to create moments to share stories, to connect minds and allow magic to blossom. It’s a place that sparks discussion, fosters innovation and collaboration in the arts and creates a multigenerational community of readers and writers.
The Dingle Literary Festival is a book festival that elevates and celebrates the richness of Irish language and literature in contemporary life. We encourage a vibrant, relevant literary community to support both established and emerging writers.