Ionad: Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Date/Dáta: an 19ú Samhain 2021
Time/Am: 12.30 IST/GMT
Beidh Mia Colleran, Sinéad Ní Uallacháin agus Dómhnal Ó Bric ag caint le daltaí Phobalscoil Chorca Dhuibhne mar gheall ar an obair suimiúil a dhéanann siad.

Mia Colleran
D’obrigh Mia le Tramp Press, HarperCollins, Liberties Press agus anois tá sí ag obair i Londain mar eagarthóir le Fourth Estate. Bíonn leabhair á léirmheas aici do The Irish Times, The Irish Independent agus The Guardian. Fuair sí duais Marian Keyes Young Writers Award. Bhí sí mar cholúnaí ag The Irish Times agus ag The Riviera Insider in France. Chuir sí le The Guardian Books Podcast, Franc, agus Arena ar RTÉ Radio 1. Tá sí ina duine de bhunaitheoirírí Féile Liteartha an Daingin, agus bhí sí ag obair go deonach leis an Dublin Book Festival, an International Literature Festival Dublin agus an Hay Literary Festival. Tá Mia líofa sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa bhFraincis.

Sinéad Ní Uallacháin
Is as Baile an Éanaigh i gCorca Dhuibhne do Shinéad. Tá sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar réimse cláracha, go príomha mar léiritheoir ar Thús Áite. Cuireann sí an podchraoladh Beo ar Éigean i láthair lena cairde agus comhghleacaithe Áine Ní Bhreisleáin agus Siún Ní Dhuinn. Tá suim aici i gcúrsaí drámaíochta agus ealaíne trí chéile – tá a cuid pictiúr le feiscint i leabhair a fhoilsigh na heagraíochtaí Fighting Words, Hope Guatemala, chomh maith leis An Gúm, Leabhair COMHAR agus Coiscéim. Tá cláracha curtha i láthair aici ar TG4, ina measc Beidh mé ar Ais (2018) agus Peig (a bhí le feiscint go luath i 2021), agus is duine de mholtóirí rialta na sraithe Réalta agus Gaolta í, ar an stáisiún sin.

Dómhnal Ó Bric
Is maisitheoir é Dómhnal Ó Bric a tógadh i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne. Tá tréimhsí caite aige ag obair le físeáin, dearadh agus eagarthóireacht sna hilmheáin ach is í an mhaisitheoireacht an meán is ansa leis. Bíonn sé ag plé le leabhair, le mapaí agus le cartúin den chuid is mó agus tá an t-ualach acu foilsithe le blianta.
The Dingle Literary Festival was established in 2019 to create an annual book festival to bring readers and authors together in West Kerry. It’s a literary festival that celebrates living writers as well as honouring the literary heritage of the area. Festival events happen in both Irish and English and range across all genres and age groups. We present both author events and writers’ workshops.
Our vision is of a festival where literature, language and landscape converge to create moments to share stories, to connect minds and allow magic to blossom. It’s a place that sparks discussion, fosters innovation and collaboration in the arts and creates a multigenerational community of readers and writers.
The Dingle Literary Festival is a book festival that elevates and celebrates the richness of Irish language and literature in contemporary life. We encourage a vibrant, relevant literary community to support both established and emerging writers.