Location: ONLINE/Ar Líne

Date/Dáta:  Sathairn an 20 Samhain 2021

Time/Am: 16.30 – 17.15 IST/GMT

Cost: Free

‘Fágann an duine lorg ina dhiaidh mar a fhágann bád ar an bhfarraige, nó réalta eireabaill sa spéir. D’fhág Tír na Sámach a lorg ormsa, agus – dá laghad é – d’fhág mise lorg ar Thír na Sámach.’ I scéalta an chnuasaigh seo, leanann peann Alex Hijmans an lorg a d’fhág an imirce ar charachtair éagsúla – i Londain, i Liospóin, sa Ghaillimh, i mBéal Feirste, i Washington D.C. agus in áiteanna eile nach iad.

Sa chomhrá seo idir Ísiltíreach, Rúiseach agus Éireannach, comhrá iomlán trí Ghaeilge, féachfar go h-oscailte, tarrainteach ar an slí ina ndéanann siad go léir dianscrúdú ar an mbaint a bhíonn idir an duine agus an áit, ar thionchar áite ar an duine agus ar thionchar an duine ar áit. Léireoidh siad conas a stiúraigh a dturas pearsanta chun cur chun cinn na Gaeilge iad, Victor tríd an teagasc, pleanáil teanga agus obair sa phobal, Alex tríd an iriseoireacht, an chraoltóireacht agus an litríocht.

hAlex Hijmans Dingle Literary Festival

Alex Hijmans
Rugadh Alex Hijmans (1975) san Ísiltír, bhí cónaí air in Éirinn ar feadh dhá bhliain déag, agus le tamall de bhlianta anuas tá sé lonnaithe sa Bhrasaíl. Colúnaí rialta de chuid an tsuímh nuachta Tuairisc.ie é Alex.
Tá sé cinn de leabhair scríofa i nGaeilge aige, idir fhicsean agus neamh-fhicsean. Tá Idir dhá thír, An Tearmann, Splancanna ó shaol eile, Gonta, Aiséirí agus Favela ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht. Bronnadh gradaim Oireachtais ar Favela (roinnte) agus ar Gonta. Tá Aiséirí ainmnithe ar liosta ‘50 Irish Books‘ de chuid na heagraíochta Contemporary Irish Writing. Léitear Favela, Aiséiríagus Gonta in Ollscoileanna éagsúla in Éirinn. Tá dhá ghearrscéal as an gcnuasach Idir dhá thír ar liosta léitheoireachta an Teastais Shóisearaigh atá dírithe ar chainteoirí líofa Gaeilge.
Foilsíodh gearrscéalta i nGaeilge ó pheann Alex sna hirisí Comhar agus Irish Pages, i mBéarla sna h-irisí Wasafiri agus Crannóg, agus in Ísiltíris in Passionate agus KortVerhaal.
D’aistrigh Alex mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille, go hÍsiltíris. Tá Onder de zoden ar fáil ón teach foilsitheoireachta Bananafish.
Tá dhá úrscéal do dhéagóirí aistrithe ón Ísiltíris go Gaeilge aige, mar atá Cen chaoi a bhfuil tú? Go maith le Anke Kranendonk agus Maistín le Peter-Jan Rens.

 

Teangeolaí Rúiseach, ó Mhoscó ó dhúchas, is ea Victor Bayda. Chaith sé cúig bliana déag ina léachtóir le Gaeilge in ollscoil i Moscó, agus tá naoi gcinn de theangacha ar a thoil aige, Breatnais, Gáidhlig agus Gaeilge ina measc. Dhein sé staidéar i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, agus chaith sé tamallacha i gConamara ag cur lena chumas Gaeilge. Bronnadh céim PhD air as tráchtas ar eiliminti don teanga Ghaeilge.

Victor Bayda Dingle Literary Festival 2021
Cathal Póirteir Dingle Literary Festival

Cathal Póirtéir
Is craoltóir agus scríbhneoir é Cathal Póirtéir a shaothraíonn sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Chraol sé ar feadh 30 bliain ar RTÉ Raidió 1 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Chaith sé cúig bliana mar Chathaoirleach ar Imram agus bhí sé ar Chathaoirleach bunaithe Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge.

Le caoinchead thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

 

This online event was pre-recorded and will be broadcast via the internet to wherever you are. If you are in Dingle the broadcast will be shown on the Big Screen in St James Church, Main Street, Dingle. Entrance is free but seating is limited so first come…

Faigh do leabhar ó Café Liteartha sa Daingean

The Dingle Literary Festival was established in 2019 to create an annual book festival to bring readers and authors together in West Kerry. It’s a literary festival that celebrates living writers as well as honouring the literary heritage of the area. Festival events happen in both Irish and English and range across all genres and age groups. We present both author events and writers’ workshops.
Our vision is of a festival where literature, language and landscape converge to create moments to share stories, to connect minds and allow magic to blossom. It’s a place that sparks discussion, fosters innovation and collaboration in the arts and creates a multigenerational community of readers and writers.
The Dingle Literary Festival is a book festival that elevates and celebrates the richness of Irish language and literature in contemporary life. We encourage a vibrant, relevant literary community to support both established and emerging writers.