Ionad: In-person at Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh
Date/Dáta: an 21ú Samhain 2021
Time/Am: 14.30 IST/GMT
An cúigiú leabhar sa sraith álainn seo á sheoladh ag Helen Ni Shé.
a théann Órla Uan agus a cairde anois
Éist léithe, bí léithe
agus í amuigh i mbáidín dearg
i gCuan Ard na Caithne.

Eibhlín a dheineann an scéal a insint ar an ndlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar álainn seo a mhaisigh Dómhnal Ó Bric. Daire ó Beaglaoich a dhear an leabhar. Donogh Hennessy a dhein an taifead agus Orlaith Ruiséal, Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne, a chomhordaigh an togra. Tá áthas an domhain ar an bhFéile an seoladh seo a fhógairt, an cúigiú ceann i sraith gleoite scéalta ar eachtraí Orla Uan agus a cairde, ón údar Duibhneach Eibhlín Uí Iarlaithe. Taitníonn na leabhair seo go mór le leanaí agus táid léirithe go snasta ag an ealaíontóir áitiúil, Dómhnal Ó Bric. Tagann taifead iontach d’Eibhlín ag léamh an scéil,mar aon lena nia Liam Ó Beaglaoich ag seinm ar an mbosca ceoil mar chuid den leabhar.


Rugadh Eibhlín Ní Bheaglaoich Uí Iarlaithe i mBaile ‘n Chaladh, i bParóiste an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí. Thosnaigh sí ag scríobh tar éis di éirí as an múinteoireacht sa bhliain 2001 agus tá sí ag scríobh ó shin. Tá dhá leabhar filíochta scríte aici, Na Buataisí Buí (2009) agus Mo Ghúna Síoda Buí (2010), iad araon foilsithe ag Coiscéim. Cumann Eibhlín amhráin, lúibíní agus agallaimh beirte chomh maith.
Faigh do leabhar ó Café Liteartha sa Daingean

Buiochas ó chroí do Comharchumann Forbatha Chorca Dhuibhne as Áras Bhréanainn a chur le fáil do Féile Lit.
The Dingle Literary Festival was established in 2019 to create an annual book festival to bring readers and authors together in West Kerry. It’s a literary festival that celebrates living writers as well as honouring the literary heritage of the area. Festival events happen in both Irish and English and range across all genres and age groups. We present both author events and writers’ workshops.
Our vision is of a festival where literature, language and landscape converge to create moments to share stories, to connect minds and allow magic to blossom. It’s a place that sparks discussion, fosters innovation and collaboration in the arts and creates a multigenerational community of readers and writers.
The Dingle Literary Festival is a book festival that elevates and celebrates the richness of Irish language and literature in contemporary life. We encourage a vibrant, relevant literary community to support both established and emerging writers.