Taghd Mac Dhonnagáin an post short list dingle literary festival 2021

Ionad: Live, in-person at An Diseart

Date/Dáta:  Dé Domhaigh an 21ú Samhain 2021

Time/Am:  11.00 – 11.45 IST/GMT

Tickets: €15

Cathal Poirtéir i gcomhrá leis an údar agus an foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin

Cathal Poirtéir in conversation with author and publisher Tadhg Mac Dhonnagáin

Madame Lazare Tadgh Mac Dhonnagáin Dingle Literary Festival 2021

Madame Lazare
Ar an ngearrliosta do Leabhar Gaeilge na Bliana, An Post Irish Book Awards 2021. Ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin

Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach, as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin Hana Lazare, a seanmháthair, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i 
dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah.
Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go h-iarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste 
ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.

Tadhg Mac Dhonnagain Dingle Literary Festival 2021

Tadhg Mac Dhonnagháin
Bíonn Tadhg Mac Dhonnagáin ag plé le cineálacha éagsúla 
scríbhneoireachta, idir leabhair, scripteanna don scáileán agus amhráin. I measc na ngradam atá bainte ag a shaothar tá Gradam Uí Shúilleabháin, Gradam Réics Carló, Gradam Speisialta Children’s Books Ireland agus an White Raven ón Internationale Jugendbibliotek sa Ghearmáin. Bronnadh gradam IFTA, trí bliana i ndiaidh a chéile, ar an tsraith theilifíse AIFRIC, a chruthaigh sé i gcomhar le Paul Mercier agus Telegael. Tá a shaothar don óige foilsithe agus craolta go forleathan; san Eoraip, san Áise, san Astráil agus i Meiriceá Theas.

Le caoinchead thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

Cathal Póirtéir Dingle Literary Festival 2021

Cathal Póirtéir
Is craoltóir agus scríbhneoir é Cathal Póirtéir a shaothraíonn sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Chraol sé ar RTÉ Raidió 1 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ainmníodh a chnuasach filíochta, Tonnchrith Inntine (Coiscéim), do Dhuais Liteartha an Irish Times agus bhain dráma ardáin leis Duais na nAmharclainne Gaeilge san Oireachtas . Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais agus Bonn Óir Bhord na Gaeilge d’Alumni UCD air. Bíonn iriseoireacht liteartha leis in The Irish Times agus Books Ireland. Chaith sé cúig bliana mar Chathaoirleach ar Imram agus bhí sé mar Chathaoirleach bunaithe Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge.

Le caoinchead thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

The Dingle Literary Festival was established in 2019 to create an annual book festival to bring readers and authors together in West Kerry. It’s a literary festival that celebrates living writers as well as honouring the literary heritage of the area. Festival events happen in both Irish and English and range across all genres and age groups. We present both author events and writers’ workshops.

Our vision is of a festival where literature, language and landscape converge to create moments to share stories, to connect minds and allow magic to blossom. It’s a place that sparks discussion, fosters innovation and collaboration in the arts and creates a multigenerational community of readers and writers.

The Dingle Literary Festival is a book festival that elevates and celebrates the richness of Irish language and literature in contemporary life. We encourage a vibrant, relevant literary community to support both established and emerging writers.

Follow this link for news of this year’s festival