Location/Áit: Ionad an Bhlascaoid
Date/Dáta: Dé Domhnaigh an 20 Samhain 2022
Time/Am: 12.30 – 13.30 IST/GMT
Fáilte mhór roimh chách.
Bígí linn chun sceálta ó Chorca Dhuibhne i 1930s a chlois agus scéalta ó leanaí na leithinse i 2022 á leamh ag daltaí ó Scoil Bhaile an Fheirtéaraigh, Chorca Dhuibhne.
Seolfaidh an Jonny Dillon, tionscnamh ‘Bailiúcháin na Scol, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne’ mar chuid d’Fhéile 2022. Is mór an onóir dúinn go gcuirfidh Dúchas an bailiúchán i dtaisce i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, mar a mairfidh sé mar eolas do na glúnta fada romhainn.
Tá togra uaillmhianach á láinseáil ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne mar chuid d’Fhéile 2022. Tá i gceist tuairiscí a bhailiú ó phobal Chorca Dhuibhne, chun go dtapófaí nóiméad faoi leith i saol an phobail seo.

Is cartlannaí é Jonny Dillon ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Is eagarthóir taighde é do Dúchas.ie, árdán ar líne de chuid
Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Oibríonn Jonny mar léiritheoir agus óstach an chláir Blúiríní Béaloidis agus is Cisteoir Oinigh é ag Cumann le Béaloideas Éireann.
Jonny Dillon is archivist at the National Folklore Collection, University College Dublin. He is a research editor for the National Folklore Collection’s online platform Dúchas.ie, produces and hosts the Collection’s podcast Blúiríní Béaloidis and is Honorary Treasurer to the Folklore of Ireland Society.

© National Folklore Collection UCD
Licensed under CC-BY-NC-4.0
Is é is aidhm don togra ná obair le scríbhneoirí áitiúla na Gaeilge, agus leis na scoileanna chun dul amach sa phobal agus tuairiscí a thabhairt ar stair áitiúil agus ar bhéaloideas a linne féin.
Nuair a déanadh an bailiúchán atá anois i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ins na 1930í, pobal Gaelach ar fad, geall leis, ab ea pobal Chorca Dhuibhne. Anois, is pobal fíor spéisiúil é, pobal ina maireann an Ghaeilge i gcónaí, agus anuas air sin pobal ina maireann meascán mór cultúr agus teangacha eile.
Tharlaigh athraithe móra sa leithinis, athraithe nach bhfuil cur amach againn ar a leithéid in aon am eile sa stair. Anuas air sin, gan amhras, tháinig na h-athraithe meara teicneolaíochta a chúngaigh agus a leathnaigh an domhan agus ins an 90 bliain nó mar sin ó déanadh Bailiúchán na Scol 1937 tá an leithinis claochlaithe thar cuimse.

© National Folklore Collection UCD
Licensed under CC-BY-NC-4.0
Teastaíonn ón togra seo an t-athrú sin a chlárú, tuairisc a fháil ón bpobal féin ar a bhfeiceann siad ós comhair a súl agus an dúthaigh á h-athchruthú féin. Tá súil ag an togra, thar tréimhse fada blianta, taifid agus cuntais scríofa a bhailiú ar shaol an lae inniu anseo ar imeall na hEorpa, agus an t-eolas san a chaomhnú do na glúnta atá romhainn. Feidhmeoidh an togra le cabhair ó eagrais áitiúla ar nós Ionad an Bhlascaoid, Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Raidió na Gaeltachta.



The Dingle Literary Festival was established in 2019 to create an annual book festival to bring readers and authors together in West Kerry. It’s a literary festival that celebrates living writers as well as honouring the literary heritage of the area. Festival events happen in both Irish and English and range across all genres and age groups. We present both author events and writers’ workshops.
Our vision is of a festival where literature, language and landscape converge to create moments to share stories, to connect minds and allow magic to blossom. It’s a place that sparks discussion, fosters innovation and collaboration in the arts and creates a multigenerational community of readers and writers.
The Dingle Literary Festival is a book festival that elevates and celebrates the richness of Irish language and literature in contemporary life. We encourage a vibrant, relevant literary community to support both established and emerging writers.
