Ionad: Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh
Date/Dáta: an 20ú Samhain 2021
Time/Am: 11.00 IST/GMT

An Ceardlann
Maidin Iontach do leanaí, bígí linn.
Beidh Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg mar aoi speisialta ag Ceardlann de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta le linn Féile Lit an Daingin ar an 20 lá Samhain 2021 i mBaile an Fheirtéaraigh, ceardlann ina mbeidh cluichí léitheoireachta, scríbhneoireachta agus scéalaíochta.
Má theastaíonn uait dán (nó scéal gairid) a scríobh, bí linn agus cabhróidh Áine leat. Beir leat peann agus leabhar nótaí.


Áine Ní Ghlinn – Laureate na nÓg 2021-2023
Beidh Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg mar aoi speisialta ag Ceardlann Léitheoireachta de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta le linn Féile Lit an Daingin ar an 20 lá Samhain 2021 i mBaile an Fheirtéaraigh.
Is file agus údar páistí í Áine. Tá sé leabhar is fiche scríofa aici do pháistí – scéalta agus úrscéalta do dhaoine idir óg agus aosta ina measc – chomh maith le filíocht agus dráma.
Is ó Chontae Thiobraid Árann d’Áine ó dhúchas. Chaith sí roinnt blianta ag obair in RTÉ agus le Raidió na Gaeltachta mar iriseoir, agus anois caitheann sí a cuid ama ag scríobh, ag cur ceardlanna scoile ar fáil sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus ag léachtóireacht go páirtaimseartha.
Tá Gradam Leabhar na Bliana Reics Carló bronnta faoi thrí ar leabhair léi. In 2019, ba ar a húrscéal Boscadán a bronnadh é. In 2015, bronnadh an Gradam Onórach le haghaidh Ficsin ar a húrscéal do dhaoine fásta óga, Daideo, ag Gradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann, agus d’ainmnigh Cumann Litearthachta na hÉireann é mar Leabhar na Bliana an bhliain chéanna.
Is iar-chathaoirleach í Áine ar Ghradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann agus tacaíonn sí go mór le scríbhneoirí agus maisitheoirí na hÉireann. Tá sí ag plé le fada leis an earnáil litríochta do pháistí i gcoitinne agus ag tabhairt tacaíocht shofheicthe ghlórach thomhaiste do leabhair i nGaeilge agus i mBéarla atá cumtha do pháistí.
Sa bhliain 2018, roghnaíodh Áine mar dhuine d’fhiche ealaíontóir a ndearnadh ceiliúradh orthu mar chuid den tionscadal BOLD GIRLS, a bhí á reáchtáil ag Leabhair Pháistí Éireann chun cailíní agus mná láidre sa litríocht do pháistí a cheiliúradh agus chun aird a tharraingt ar scríbhneoirí agus maisitheoirí ban in Éirinn a dhéanann obair den chéad scoth.
Gach eolas roibeard@tuismitheoiri.ie
Laureate na nÓg www.childrenslaureate.ie
‘Faigh do leabhar ó Café Liteartha sa Daingean
