Darach O Scolaí i gcomhrá le Cathal Póirtéir 

Ionad: Café Liteartha
Dáta: Dé Sathairn 19 Samhain  2022
Am: 15.00 – 16.00 IST/GMT
Costas: Tá na ticéidí saor in aisce ach níl ach méid airithe ar fáil. Chun do áit a choiméad, brúigh ‘Book Now.

Tá Foras na Gaeilge agus Ealaín na Gaeltachta ag tacú leis an imeacht seo.

as

Darach Ó Scolaí,  Dingle Literary Festival 2022

Darach O Scolaí in conversation with Cathal Póirtéir

Venue: Café Liteartha
Date: Saturday 19 November 2022
Time: 15.00 – 16.00 IST/GMT
Tickets: Tickets are free but only a limited number are available. To reserve your place, press ‘Book Now’

Foras na Gaeilge and Ealaín na Gaeltachta are supporting this event.

 

Darach Ó Scolaí

Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Foilsíodh athinsintí leis ar dhá sheanscéal An Ceithearnach Caolriabhach (2002) agus Feis Tigh Chonáin (2000). Ar a shaothar do dhaoine óga tá na leabhair An Bradán Feasa agus Dóiteoir na Samhna (2009). Foilsíodh úrscéal Na Comharthaí in 2014, agus i 2017 foilseofar Táin Bó Cuailnge, saothar a bhuaigh Duais

Ag an ócáid seo, beidh Darach Ó Scolaí i gcomhrá leis an scríbhneoir agus craoltóir Cathal Póirtéir, agus cíorfar ceisteanna a bhaineann leis an scéal, a shuímh, agus an scríbhneoireacht.

Darach Ó Scolaí,  Clúdach Súil an Daill Dingle Literary Festival 2022

Táipéis bheo na meánaoise atá i Súil an Daill, an t-úrscéal is deireanaí ó pheann Dharach Uí Scolaí, scríbhneoir agus foilsitheoir atá lonnaithe i gConamara.

I dTir Eoghain sa bhliain 1539 a suitear scéal an leabhair. As dlúth is inneach na staire, fíonn an t-údar bréidín an tiarnais Ghaelaigh, taipéis mhór bheo Ghaeltacht dheireadh na Meánaoise agus thús an Renaissance ina mhaireann easpaig is iascairí, dochtúirí is dlíodóirí, giollaí is gallóglaigh, cailíní cuideachta is bantiarnaí.

Ghnóthaigh Súil an Daill Duais an Oireachtais sa bhliain 2019.

Beidh an leabhar le fáil i Café Liteartha agus Dingle Bookshop. Beidh an scríbhneoir ag síniú cóipeanna dá leabhair tar éis an imeacht

Cathal Póirtéir Dingle Literary Festival 2022

Is craoltóir agus scríbhneoir é Cathal Póirtéir a shaothraíonn sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Chraol sé ar feadh 30 bliain ar RTÉ Raidió 1 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhain mórán den chraoltóireacht sin le cur chun cinn na litríochta agus na saíochta Gaeilge. Bhí sé ina eagarthóir ar leabhair bunaithe ar an obair seo, ina measc Scéaltaí san Aer, Éigse an Aeir, Glórtha ón Ghorta agus Gnéithe den Ghorta (Coiscéim), agus na dlúthdhioscaí dátheangacha a d’fhoilsigh RTÉ, Blasket Island Reflections. Bhí an-ráchairt ar a leabhair i mBéarla The Great Irish Famine (Mercier), agus Famine Echoes (Gill and Macmillan). Tá a chúlra acadúil sa bhéaloideas agus d’fhoilsigh Coiscéim a thráchtas MA mar Micí Sheáin Néill, scéalaí agus scéalta. Ainmníodh a chnuasach filíochta, Tonnchrith Inntine (Coiscéim), do Dhuais Liteartha an Irish Times agus bhain sé Duais na nAmharclanna Gaeilge san Oireachtas do dhráma ardáin leis. Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais agus Bonn Óir Bhord na Gaeilge d’Alumni UCD air. Bíonn iriseoireacht liteartha leis in The Irish Times agus Books Ireland. Chaith sé cúig bliana mar Chathaoirleach ar Imram agus bhí sé ar Chathaoirleach bunaithe Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge.

Tá a leabhar nua á sheoladh ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair (Cló Iar-Chonnacht) https://dinglelit.ie/cathal-poirteir/