Máire Zepf – Maidin spraoi agus teaghlaigh Scéalaíocht do pháistí aois 4-8 bliana.

Ionad: Ionad an Bhlascaoid
Dáta:  Dé Sathairn 19 Samhain  2022
Am: 11.00 – 12.00 IST/GMT
Costas: Brón díolta amach

Tá Foras na Gaeilge agus Ealaín na Gaeltachta ag tacú leis an imeacht seo.

Máire Zepf Dingle Literary Festival 2022

Máire Zepf – A morning of fun and family storytelling in Irish for children aged 4-8 years.

Venue: The Blasket Centre
Date: Saturday 19 November 2022
Time: 11.00 – 12.00 IST/GMT
Tickets: SORRY SOLD OUT

Foras na Gaeilge and Ealaín na Gaeltachta are supporting this event.

 

Is údar don aos óg í Máire Zepf a bhfuil ceithre leabhar déag scríofa aici, idir phictiúrleabhair do na leitheoirí is óige, úrscéalta staire agus úrscéal véarsaíochta do dhéagóirí, agus tá a cuid leabhair aistrithe anois go 10 dteanga ar fud an domhain.

Ar mhaith leat dul ar mhisean spáis leis an údar Máire Zepf agus a pictiúrleabhar nua, Míp agus Blípín?

Beidh roicéid, róbait agus eachtráin ann, sa cheardlann idirghníomhach a bheidh lán le scéalaíocht, eolaíocht agus spraoi. Ar an bpláinéad Mars, faigheann an róbat Míp bronntanas speisialta a tháinig chuige ón Domhan. Róbat beag a sheol a cairde, na heolaithe, chuig Míp. Blípín is ainm don róbat beag. Tá sé cliste, tá sé cairdiúil – agus tá sé in ann eitilt! Ach cén fáth, mar sin, go bhfuil Míp brónach?

Trí Ghaeilge a reáchtálfar an cheardlann atá dírithe ar pháistí aois 4 – 8 mbliana d’aois.