
Máirín Nic Con Iomaire
Interviewed by Jamie Flannery
Venue: An Díseart – Nano Nagle Room
Date: Saturday 19 November 2022
Time: 18.00 – 19.00 IST/GMT
Tickets: Tickets are free but only a limited number are available. To reserve your place, press ‘Book Now’
Foras na Gaeilge and Ealaín na Gaeltachta are supporting this event.
Máirín Nic Con Iomaire
Faoi agallamh ag Jamie Flannery
Ionad: An Díseart – Nano Nagle Room
Dáta: Dé Sathairn 19 Samhain 2022
Am: 18.00 – 19.00 IST/GMT
Costas: Tá na ticéidí saor in aisce ach níl ach méid airithe ar fáil. Chun do áit a choiméad, brúigh ‘Book Now.
Tá Foras na Gaeilge agus Ealaín na Gaeltachta ag tacú leis an imeacht seo.
as
Pléifear cúrsaí aistriúcháin agus cúrsaí cultúir, agus conas mar a sháraítear teorainn le focail agus le scéalta ag an ócáid speisialta seo.
Chaith Máirín Nic Con Iomaire tamall de bhlianta ag obair mar iriseoir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, ach tá peann curtha le pár aici le blianta beaga anuas agus í ag tabhairt faoi scéalta idirnáisiúnta a aistriú go Gaeilge. Tá cuid na haistriúcháin faoilsithe ag Futa Fata, agus ag Barzaz.
Chaith sí Is é Na Ríthe Beaga an dara húrscéal do dhaoine fásta atá aistrithe aici, agus foilsíodh a leagan de Khalil le Yasmina Khadra i bhFómhar 2021.

D’fhás Mélanie aníos faoi gheasa Loft Story (leagan Francach de Big Brother), agus níl ach rud amháin ar a haire ó shin: clú agus cáil a bhaint amach di féin. Ach nuair a fhaigheann sí deis páirt a ghlacadh i gclár teilifíse réaltachta, déanann sí praiseach de. Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, í pósta agus páistí aici, cruthaíonn sí a cainéal féin ar YouTube – Happy Recré – ar a gcuirtear a beirt pháistí os comhair an tsaoil mhóir ar bhonn laethúil. Tá na milliúin leantóir aici a thugann “is maith liom” do gach gné de shaol na bpáistí agus a scríobhann tráchtanna faoi bhun na bhfíseán.
Lena linn sin ar fad, tá póilín óg, Clara, faoi scamall an bhróin tar éis bhás tragóideach a tuismitheoirí, agus cinneann sí dul isteach san Aonad Mórchoireanna. Castar an bheirt bhan ar a chéile nuair a théann iníon Mélanie, Kimmy, ar iarraidh gan tásc ná tuairisc. Ar chas sí leis an duine mícheart? Ar thug sí na bonnaí léi? Ar fuadaíodh í? De réir mar a théann an fiosrúchán ar aghaidh, tumtar Clara i saol na dtionchairí, agus tuigtear di cé chomh foréigneach is atá Happy Recré don bheirt pháistí – bíodh is gurb iad réaltaí an tseó iad, tá praghas mór á íoc acu as an gcáil sin.
San úrscéal seo, téann Delphine de Vigan i ngleic le ceist mhór de chuid na linne seo: cumhacht agus contúirt na meán sóisialta. Caitheann sí súil ghéar ghrinn ar shochaí ina bhfuil gach uile rud le ceannach agus le díol, sochaí atá níos tógtha le cuma an tsonais ná mar atá sí leis an sonas féin.
Copies of the publication will be on sale by the Dingle Bookshop at the event. The author has agreed to sign copies at the end of the talk.
Copies of the publication will also be available at Café Liteartha
ÚDAR
Is í Delphine de Vigan údar Rien ne s’oppose à la nuit (Prix du roman Fnac, Prix Renaudot des lycéens 2011), D’après une histoire vraie (Prix Renaudot agus Goncourt des lycéens 2015), chomh maith le Les Loyautés agus Les Gratitudes, iad ar fad foilsithe ag éditions JC Lattès.
AISTRITHEOIR
D’aistrigh Máirín Nic Con Iomaire Khalil, cur síos ficseanúil ar na hionsaithe a rinne Ioslamaithe ar Pháras in 2015. Tá riar maith ficsin do dhaoine óga aistrithe aici chomh maith.

Jamie Flannery is a Gaelgóir from Dingle, a qualified primary school teacher, an experienced TV Presenter and content creator. Jamie graduated from UCD and completed the Professional Masters of Education in Primary Teaching. He is an experienced TV presenter working on educational bases programmes for children on TG4 along with hosting live talks as part of two-yearly national events – Kinia TechFéile and Kinia Creative TechFest.
Jamie was the manager of Raidió Rí-Rá – the Irish language radio station for young peoplewith Conradh na Gaeilge and has also worked as the programme coordinator for the ‘Clár TechSpace’ leading on training delivery of STEAM and digital media training educators.
Jamie is an experienced Irish dancer and has performed in Siamsa Tire since the age of 6 through the medium of Irish dancing, singing and acting.


