Foghlaim fé ghnáth nósanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí is ansa libh

Ar Líne
Dáta: Dé Domhnaigh, 22ú Samhain
Am: 6.00pm – 6.40pm IST/GMT

Níl aon tinteán mar do thinteán féin mar a deirtear. Beidh scata scríbhneoirí ag cur fáilte romhainn go dtí an áit ina scríobhann siad de ghnáth. An raibh sibh fiosrach fén saghas pinn a baintear úsáid as  agus ficsean á scríobh? Nó an raibh sibh amhrasach fén méid cupáin tae ar ‘cheart’ do scríbhneoir a ól in aghaidh an lae? Beidh roinnt scríbhneoirí ag caint fé na gnáth cleachtais scríbhneoireachta a bhíonn acu agus cúpla sliocht as a gcuid saothair á léamh acu dúinn.

Deis iontach a bheidh anseo chun tuiscint níos domhaine a fháil ar an bpróiseas draíochtúil scríbhneoireachta atá go minic faoi rún. Tapaigh an deis agus tabhair sracfhéachaint ar shaol agus ar thintéan roinnt scríbhneoirí mór le rá.

Beidh Mo thintéan Féin: Scríbhneoirí i mbun pinn ar súil Dé Domhnaigh, 22ú Samhain ag 6.00pm