Am Amú-Éilis Neary

4:54pm | Fri 10 May 2024

Leabhar do dhéagóirí óga agus dos na hard-ranganna i mbunscoileanna Gaeltachta nó Gaelscoileanna atá sa leabhar seo. Tá sé scríobhte i bhfoirm dráma, rud a bheadh áisiúil chun drámaí a chruthú bunaithe ar an leabhar.

Mínítear sa scéal seo go ndeineadh dhá leath de chathair blianta fada ó shoin, agus dá bharra san go bhfuil taobh láidir agus taobh lag ann. Is ar an dtaobh láidir a mhaireann na hoibrithe-na daoine a théann amach ag obair lá i ndiaidh lae ag plé le pé gnáth-phost atá acu, ach cuirtear ina luí ort nach aon obair a bhíonn ar siúl ag na daoine atá ag marachtaint ar an dtaobh lag-is ar na healaíona a bhíonn siad siúd dírithe. ‘Tá’s agat féin na daoine sin a fhágann an obair gan déanamh trí dhearg-dhíomhaointeas agus iad meáite ar a gcuid ama a chur amú leis an uile chineál rud aisteach agus amaideach. Tá gach rud in easnamh ar an taobh lag, ciall ach go háirithe’.

Sa scéal seo faighimid léargas ar an saol seo ó ‘Genius’, caractéir a rugadh agus a tógadh ar an dtaobh lag den chathair. Bíonn ‘cráiteoirí’ sa tóir air ag iarraidh stop a chur lena smaointe neamhspleácha ealaíonta, é a chur faoi chois agus a thabhairt go dtí an taobh láidir.  Bíonn aghaidh fidil ar na cráiteoirí go léir agus ar na héinne ar an dtaobh láidir, ní féidir iad a aithint óna chéile.

D’fhéadfaí ana chuid forbairt a dhéanamh ar choincheapanna atá sa scéal seo-conas a bheadh ag an saol dá gcloífadh na héinne leis an sceideal chéanna, muna mbeadh na healaíona á fhorbairt ag daoine, muna mbeadh daoine sásta seasamh suas dóibh fhéin agus do mhianta a gcroíthe.

Bhaineas ana shásamh as an scéal seo, tá léaráidí áille tríd an leabhair ag Éilís Neary féinigh, agus is dóigh liom gur leabhar fiúntach é don aos óg, a spreagfadh iad bfhéidir chun díriú ar a gcuid ealaíona féinigh, pé rud a bheadh i gceist leis sin.

‘Is mór is fiú an méid atá ionat. Cibé rud a dhéanann tú, mar sin, coinnigh ort.’

Foilsithe ag Leabhair Comhar i Samhain 2023.

Ar fáil sa Chaifé Liteartha sa Daingean.

Edel Ní Loibhéad