
Bibeanna
10:43pm | Mon 15 Jul 2024
Tá rian nach beag fágtha ag an mbailiúchán seo orm, agus deinim amach go mbeidh an tionchar céanna ag an leabhar seo ar éinne a léann é.
‘Séard atá i ‘Bibeanna’ ná tuairimí agus scéalta saoil chúigear ban is fiche ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, mná a bhí idir trí mbliana agus trí fichid d’aois agus cheithre mbliana déag agus cheithre fichid d’aois ach a tógadh a scéalta uathu, mná a saolaíodh idir na blianta 1913 agus 1944, agus a chuaigh i ngleic le athruithe móra i sochaí na tíre seo i gcaitheamh a saoil.
Foilsíodh an leabhar seo ar dtúis sa bhliain 2007, agus tá sé ath-fhoilsithe ag Mercier Press i mbliana le clúdach cruaidh, rud a chur na scéalta agus an bailiúchán seo ós mo chomhair arís. Bhíos ró-óg ag an am chun an tábhacht a bhain leis an sraith teilifíse leis an dteideal chéanna a thuiscint, sraith a bhí le feiscint ar theilifísí na tíre i 2007. Is iontach an rud é gur bheartaigh an t-eagarthóir Brenda Ní Shúilleabháin ar an leabhar seo a bheith mar thionlacan leis na cláracha san, agus go bhfuil sé ós comhair an tsaoil fhódlaigh arís leis an ath-fhoilsiúchán seo.
Tá stair na tíre seo ar eolas agam, tuigim go raibh an saol níos deacra fadó, go raibh an t-airgead gann, go raibh cosc ar mhná a bheith ag múineadh agus iad pósta, go ndeineadh cleamhnais do dhaoine agus mar sin de, ach tá ana dhifríocht ann idir na rudaí san a léamh agus scéalta pearsanta na ndaoine a fháil agus iad ag plé na n-ábhar seo. An rud a sheasann amach i rith an bhailiúcháin seo ná neart na mban agus an meon dearfach a bhí acu ar fad.
Is mó bean a chaith déileáil le cruatan an tsaoil agus iad ana óg- tuismitheoirí ag fáil bháis, nó deirfiúracha agus deartháireacha á chailliúint ag galair ar nós an eitinn mar shampla. Ní raibh trua ag éinne acu dóibh fhéin, threabhadar leo, agus is ansan atá croílár an scéil.
Tá sé deacair a thuiscint sa lá atá inniu ann go raibh cosc ar ár máithreacha críonna in ana chuid slite, toisc go bhfuil an oiread saoirse ag mo ghlúinse anois. ‘An uair sin, ní bheifeá ag cuimhneamh puínn cad a dhéanfá nuair a bheifeá mór. Bhí an saol saghas leagtha síos duit ar chuma éigin’. ‘Chaith daoine féachaint i ndiaidh a gcuid féin, pé rud a bhí uathu go pearsanta’. ‘Ormsa a thit sé mar sin, aire a thabhairt d’ár dtuismitheoirí.’ Sin samplaí ó thriúr éagsúil ar mar a bhí acu fhéin.
Thaithin sé liom go raibh an rógaireacht ag baint leis na mná seo, is mó duine acu go raibh dúil mhallaithe acu sa rince, agus is mó duine a d’éalaigh amach ag rince istoíche i ngan fhios dá dtuismitheoirí, agus a chonách san orthu!
Tá an oiread le foghlaim sa leabhar seo maidir le leigheasanna nádúrtha agus ligfead daoibh an leabhar a léamh chun teacht orthu san sibh féin!
Bhí Pádraic Ó Conaire ag trácht ar ‘Beirt Bhan Mhisniúla’ ach tá níos mó ná beirt sa chnuasach áirithe seo, bhí bean amháin ag obair in aeradróm Swindon le linn an Dara Cogadh Domhanda mar shampla, bean eile a bheartaigh ar an bpósadh a sheachaint toisc go gcaithfeadh sí a teacht isteach mar mhúinteoir a thabhairt suas. Bhí duine eile de na Bibeanna seo a bhí seacht mbliana fichead ach a gcailleadh a céile, agus í ag iompar clainne. Is mar sin a bhí, ach ní ghéilleadar don éadóchas.
Tríd an leabhair ar fad ní raibh ach dearca amháin nár aontaíos leis, ach sin stair agat, bhí an saol ag athrú agus bíonn daoine áirithe níos moille ná a chéile ag glacadh le athruithe, agus arís níl anseo ach mo thuairimse, bfhéidir ná tógadh éinne agaibhse aon cheann don méid a dúradh!
Is foinse tábhachtach an bailiúchán seo ó thaobh staire de agus ó thaobh na teangan leis, tá saibhreas cainte na mban le feiscint ar na haon leathanach, corraí cainte atá imithe as an saol fiú amháin. Cuirfidh na scéalta seo ag gol is ag gáirí sibh, ach níos tábhachtaí ná san arís cuirfidh siad ag cuimhneamh sibh maidir le conas tabhairt fén saol.
‘Dein an maitheas agus seachain an t-olc i gcaitheamh do shaoil.’
Tá ‘Bibeanna’ curtha in eagar ag Brenda Ní Shúilleabháin agus foilsithe ag Mercier Press. Tá leagan Béarla de gach scéal ar fáil sa bhailiúchán seo.
Tá ‘Bibeanna’ ar fáil sa Chaifé Liteartha sa Daingean agus i Siopa Leabhar an Daingin https://dinglebookshop.com/search?q=bibeanna
Edel Ní Loibhéad




