
Ceol na Mara le Tadhg Mac Dhonnagáin
4:41pm | Sun 13 Oct 2024
Tá fiche amhrán sa bhailiúchán seo ‘Ceol na Mara’, na hamhráin scríobhte ag Tadhg Mac Dhonnagáin, agus an cóiriú ceoil déanta ag John Ryan. Tá Tadhg Mac Dhonnagáin fhéin ar dhuine de na hamhránaithe atá le clos sa chnuasach seo, chomh maith le Caitlín Ní Chualáin (buaiteoir Chorn Uí Riada 2016), agus amhranaithe óga ó Scoil Sailearna in Indreabhán.
Camchuairt ar na séanraí ceoil éagsúla atá sa bhailiúchán seo, le réimse leathan de stíleanna ceoil curtha leis na hamhráin éagsúla. Tá gnéithe de rap-cheol, de cheol leictreonach, ceol tíre, ceol na ndaoine, ceol ó oirthear an domhain, chomh maith le ceol a chuirfeadh dioscóanna na n-ochtóidí i gcuimhne dhuit le clos anseo! Tá seana thaithí ag Tadhg agus John ar a bheith ag obair le chéile, agus is seod é ‘Ceol na Mara’ atá foilsithe ag Futa Fata le déanaí.
Is Gaeilge Chonamara atá sna hamhráin seo, ach ná stopadh san sibh a chairde, ba chóir go mbeadh an leabhar seo i ngach bunscoil agus i ngach tigh sa tír. Tá an ceol agus na hamhráin nua-aimseartha. Tá maisitheoireacht aoibhinn álainn déanta ag Tarsila Kruse agus ag Úna Woods.
D’fhéadfaí go leor ceachtanna scoile a chruthú bunaithe ar na hamhráin seo, deineann ‘Brídín Bradán’ tagairt de shaolré an bhradáin, agus Raghnall Rón bocht ag cáiseamh an saol atá aige sa sorcas, b’fhearr leis a bheith age baile i gConamara! Ar cheart go mbeadh ainmnithe in úsáid do chúrsaí siamsaíochta? Sin ceist ana mhór a d’fhéadfaí a phlé le leanaí; conas a bhraithfidís dá gcaithfeadaís a gclann a fhágaint chun cleasanna a dhéanamh ós comhair na sluaite?
Tá saontacht an linbh le clos go láidir i ‘Cé as a dTagann na Tonnta?’. Tugtar ómós aoibhinn agus símplí do Fungie i gceann dos na hamhráin, agus an ceol tíre atá in úsáid ana oiriúnach.
Osclaítear doras don ndomhain fo-thoinn dúinn, le amhráin fé smugairlí róin, míolta móra agus an turtar. Tá amhrán faoi ‘An Crotach’, éan atá i mbaol, deis forbartha eile ó thaobh an mhúinteoireachta de. Tagann na hamhráin ‘Brónach Cois Cuain’ agus ‘Tógfaimid Caisleán’ díreach i ndiaidh a chéile, agus na leanaí bailithe sa chéad amhrán ag an ndroch aimsir, agus iad sona sásta ansan nuair a éiríonn leo tabhairt fén dtráigh, nach mar sin a bhíonn againn in Éirinn! Tá ardú croí ag baint le ‘Póilín Piongain’, agus an t-amhrán curtha i láthair fé mar a bheadh sé mar chuid de phanto nó ceol drama, an lucht éisteachta ag freagairt an príomh amhránaí.
D’fhéadfainn rud eigint a rá faoi gach amhrán sa bhailiúchán seo, ach is dóigh liom go mbeadh sé níos taitneamhaí agus níos fearr do gach duine dá n-éisteoidh sibh leis na hamhráin sibh féin!
Ní thagann dlúthdhiosca leis an leabhar seo, ach tá códanna QR i ndeireadh an leabhair agus buntáistí difriúla ag baint leis an módh nua-aimseartha seo, ní brisfear aon dhlúthdhiosca ort agus ní rachaidh sé amú ort ach an oiread!
Tréaslaím le Tadhg Mac Dhonnagáin agus le John Ryan as an obair iontach atá déanta acu, tá sé rí-thábhachtach go mbeadh áiseanna mar seo ann do thuismitheoirí, do mhúinteoirí, agus thar éinne eile, dos na leanaí.
Tá an leabhar seo ar fáil sa https://dinglebookshop.com/ agus sa Chaifé Liteartha sa Daingean, agus ó shuíomh Futa Fata
https://www.futafata.ie/ceol-na-mara-qr-edition-tadhg-mac-dhonnagain
Edel Ní Loibhéad




