Ceardlann Filíochta Bhéil le Cormac Mac Gearailt
In Partnership with Dingle Literary Festival
Tá an láithriú lárnach sa bhfilíocht bhéil, agus sa cheardlann seo díreoidh Cormac ar conas dán a chumadh agus é a aithris / chur i láthair os comhair an phobail. Déanfar staidéar ar ghnéithe éagsúla na filíochta béil, agus beidh cleachtaí scríbhneoireachta le déanamh chomh maith le deis do gach éinne dán a léamh os ard os comhair an mic.
Ceardlann trí huaire an chloig a bheidh i gceist. Beidh sí oiriúnach do thosaitheoirí, do dhaoine ag meánleibhéal agus d’aon duine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid cur i láthair.
Cén leibhéal: Ardleibhéal | Meánleibhéal | Tosaitheoirí?
Tá an ceardlann dírithe ar thosaitheoirí, ar dhaoine ag meánleibhéal agus ar aon duine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid cur i láthair.
Cad a chlúdaíonn an cheardlann?
Cad iad na gnéithe éagsúla atá riachtanach chun dán cumhachtach a chumadh?
- Conas feabhas a chur ar do chur i láthair / aithris
- Staidéar ar dhánta cumhachtacha.
- Deis seasamh taobh thiar den mic agus dán a léamh os comhair an ranga (le haiseolas).
- Cleachtaí scríbhneoireachta éagsúla.
- Ceardlann chairdiúil, oscailte agus thacúil, lán d’eolas, d’fhilíocht agus de craic.
Cad is féidir le rannpháirtí a bheith ag súil leis ar an lá/conas a bheidh an cheardlann á reáchtáil agus cad is gá dóibh a thabhairt leo?
Níl aon rud ag teastáil ach peann agus páipéar. Ar an lá, beidh meascán de scríobhneoiracht, comhrá, staidéar, agus dánta le rá.
Torthaí na Ceardlainne.
Beidh tuiscint níos doimhne agat ar an bhfilíocht bhéil agus ar conas píosaí filíochta cumhachtacha a chumadh.
Beathaisnéis Theagascóir na Ceardlainne
Is file agus éascaitheoir scríbhneoireachta chruthaitheach é Cormac Mac Gearailt, as Baile Átha Cliath, ach tá dlúth-cheangal aige le Corca Dhuibhne. Scríobhann sé i nGaeilge agus i mBéarla. Is curadh slam filíochta na hÉireann 2024 é (i mBéarla), agus bhuaigh sé an comórtas idirnáisúnta Slamovision le dán Gaeilge.




