
Comórtas Gearrscéalaíochta Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne 2025
10:01am | Sat 21 Dec 2024
Tá sé fógartha ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne go bhfuil Comórtas Gearrscéalaíochta Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne, 2025, anois ag glacadh le hiontrálacha. Cuireann an comórtas fáilte roimh scríbhneoirí ar fud na hÉireann bunsaothar neamhfhoilsithe, i nGaeilge nó i mBéarla, a sheoladh isteach. Tá an comórtas seo oscailte d’aon scríbhneoir a bhfuil cónaí air in Éirinn ag an am a seoltar isteach an saothar. Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas tallann úr liteartha a thabhairt chun solais agus ceard na scéalaíochta a cheiliúradh.
I mbliana, is é John Patrick McHugh a dhéanfaidh na hiontrálacha Béarla a mheas. Tá cnuasach gearrscéalta dar teideal Pure Gold foilsithe ag McHugh, agus foilseofar a úrscéal Fun and Games go luath. Faoi láthair is é McHugh eagarthóir liteartha Banshee Press. Bhí saothar dá chuid le feiceáil in The Stinging Fly, Winter Papers, Granta, agus ar BBC Radio 3.
Is í Éilís Ní Dhuibhne, údar agus gearrscéalaí aitheanta, a dhéanfaidh na hiontrálacha Gaeilge a mheas. Tá níos mó ná 25 leabhar foilsithe ag an Duibhneach, agus cáil uirthi as a saothair The Dancers Dancing agus Twelve Thousand Day, gan ach beagán a lua. Tá sí ina ball d’Aosdána, leis.
Bronnfar duais ar na scéalta a ghnóthaíonn an chéad áit agus an dara háit sa chomórtas, agus tabharfar ardmholadh agus duais d’iontrálacha Gaeilge agus Béarla a sheasann amach ón slua. Seo a leanas an duaischiste:
1ú áit – €500
2ú háit – €250
Ardmholadh – €100
Foilseofar na scéalta a ghnóthaigh an chéad agus an dara háit, chomh maith leis na scéalta ar tugadh ardmholadh dóibh ar shuíomh gréasáin Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne.
Bhí an méid seo le rá ag Hannah Bulger, Stiúrthóir na Féile: “Tá lúcháir orainn tús a chur le Comórtas Gearrscéalaíochta Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne, 2025. Tar éis an rath a bhí ar an bhféile an bhliain seo caite, tá sceitimíní orainn ardán a chur ar fáil do scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn agus do scríbhneoirí seanbhunaithe araon, agus deis a thabhairt dóibh a saothar a roinnt leis an bpobal. Tá áthas an domhain orainn a fhógairt gurb iad John Patrick McHugh agus
Éilís Ní Dhuibhne na haoi-mholtóirí atá againn i mbliana, agus táimid ag tnúth go mór le hiontrálacha na bliana seo a fháil.”
Dúirt Bláithín Mac Donnell, Stiúrthóir Cruthaitheach na Féile, “Is ceiliúradh Féile Liteartha Chorca Dhuibhne ar phobal bríomhar scríbhneoireachta na hÉireann. Tá ríméad orainn ardán a chur ar fáil don scríbhneoireacht i nGaeilge agus i mBéarla.”
Tá an comórtas ag glacadh le hiontrálacha anois. Is féidir le scríbhneoirí a bhfuil suim acu sa chomórtas dul go www.dinglelit.ie chun na sonraí ar fad a fháil agus a scéalta a sheoladh isteach chugainn. Caithfidh na hiontrálacha a bheith istigh faoi mheán oíche, an 28 Feabhra 2025.




