Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile le Majella Ní Dhomhnaill

7:04pm | Tue 13 Aug 2024

Seo an chéad chnuasach gearrscéalta ó pheann Mhajella, agus táimse ag rá libh go bhfuil súil agam go mbeidh bailiúchán eile uaithi gan ró-mhoill! Bhaineas ana thaitneamh ar fad as na scéalta seo, ní raibh aon dua ag baint leis an léitheoireacht, agus bhí fonn orm an leathanach a iompú i gcónaí.

Tá naoi gcinn de ghearrscéalta sa chnuasach seo, agus iad ar fad éagsúil óna chéile maidir le téamaí de, ach tá gach ceann acu ar ard-chaighdeán, agus scil ar leith aici chun carachtéirí agus scéalta a fhorbairt.

Seo mar a mholann an t-údar Micheál Ó Ruairc í sa réamhrá: ‘Tá a méar aici ar chuisle na beatha nua-aimseartha agus tuigeann sí conas gearrscéal críochnúil a chur ós comhair an tsaoil i nGaeilge chruinn, shimplí atá éasca a léamh. Níl aon dabht i m’aigne ach go n-áireofar í mar dhuine de mhórscríbhneoirí próis na Gaeilge sna blianta atá amach romhainn.’

Shil na deora uaim agus ‘Buachaill Mór’ a léamh agam, scanraigh ‘Cuimhní Poircealláin’ mé mar chonac cé chomh fuirist is a d’fhéadfadh duine droch-chinneadh a thógaint, agus ní déarfad a thuilleadh fén scéal san ar eagla go loitfinn ar éinne é. Bhí ‘Ar Thóir an Iora Rua’ ar cheann dos na gearrscéalta ab fhearr liom ón gcnuasach seo, agus ana chuid mothúcháin le braistint agus an scéal á léamh agam.

D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht an bailiúchán seo anuraidh, agus muna bhfuileann sibh tagaithe trasna ar an leabhar go dtí seo, bígí cinnte cóip a aimsiú go luath agus sásamh a bhaint as na gearrscéalta iontacha seo.

Edel Ní Loibhéad