Tábhacht Raidió na Gaeltachta do litríocht na Gaeilge le 50 bliain anuas

Sat 18 Nov 6pm - 7pm

Date/Dáta

Sat 18 Nov

Venue/Ionad
Time/Am
6pm - 7pm
Price/Praghas
Free
Category

Irish language, Non-fiction

Bígí linn don ócáid seo ina dtabharfar léargas ar thábhacht Raidió na Gaeltachta do litríocht na Gaeilge ó bunaíodh an stáisiúin breis agus 50 bliain ó shin. Is iad na craoltóirí áitiúla Daithí De Mórdha agus Dara Ó Cinnéide a bheidh i mbun plé agus beidh go leor taifeadtaí ón gCartlann bainteach le litríocht na Gaeilge le clos chomh maith. Taifeadtaí luachmhara iad seo de scríbhneoirí a bhíodh le clos ar Raidió na Gaeltachta thar na blianta, leithéidí Joe Daly agus Ger Ó Cíobháin. Is cinnte gur ócáid iontach a bheidh anseo.

Tugann Raidió Na Gaeltachta, Cultúr & Pobal, leabhar nuafhoilsithe le Dáithí, léargas iontach dúinn ar thionchar RTÉ Raidio na Gaeltachta ar shaol agus ar chultúr muintir na Gaeltachta ó bunaíodh an seirbhís Gaeilge i 1972. Insítear scéal RTÉ RnaG anseo trí lionsa an bhéaloidis agus na heitneolaíochta. Tugann De Mórdha léargas ar stair na meán cumarsáide in Éirinn roimh bhunú Raidió na Gaeltachta, agus féachann sé ar phobail dhúchais agus mhionlaigh ar fud an domhain agus ar an slí ar léiríodh iad ar an raidió. Scrúdaítear chomh maith an tírdhreach cultúrtha agus stairiúil thart ar bhunú Raidió na Gaeltachta i gcomhthéacs gluaiseachtaí idirnáisiúnta cearta sibhialta agus daonna. Pléitear freisin an ról atá ag Raidió na Gaeltachta i saol an phobail agus i gcruthú pobal ‘tras-áitiúil’ Gaeltachta.