Aistear filíochta, Celia de Fréine i mbun cainte le Rióna Ní Fhrighil

Sun 19 Nov 3pm - 4pm

Date/Dáta

Sun 19 Nov

Venue/Ionad
Time/Am
3pm - 4pm
Price/Praghas
Free
Category

Irish language

Bígí linn don ócáid seo ina ndéanfaidh beirt shaoi ar litríocht na Gaeilge, an file Celia de Fréine agus an tOllamh Rióna Ní Fhrighil machnamh ar a spreagann scríbhneoirí chun scríobh as Gaeilge. Is cinnte go mbeidh plé suimiúil ann idir an bheirt shaineolaí seo ní amháin ar a bhfuil i gceist le bheith ag scríobh as Gaeilge ach ar an litríocht trí chéile agus na hathraithe a thagann ar shaothair scríbhneora le himeacht ama. Díreofar go háirithe ar an mbailiúchán is déanaí ó pheann Chelia de Fréine Aoi ag Bord na Teanga, bailiúchán a thugann léargas ar aistear filíochta de Fréine ó thús. Is í an tOllamh Rióna Ní Fhrighil í féin a scríobh an réamhrá don mbailiúchán seo. Is cinnte gur imeacht iontach ar leith a bheidh anseo, ná caill amach air!.

The book Aoi ag Bord na Teanga

Rogha leathan as seacht gcnuasach filíochta, mar aon le dánta nua, atá sa díolaim seo a thugann léargas ar an aistear fileata atá curtha i gcrích ag Celia de Fréine le scór bliain anuas. Réimse leathan ábhar, cuid acu go mór i mbéal an phobail, a chuimsítear sa díolaim seo. Saol na tuaithe mar aon le saol na cathrach a phléitear sna dánta, a ghluaiseann ó ábhar go hábhar lena scéal a insint i nguth láidir a bhfuil feasacht shóisialta go mór chun tosaigh ann. Réamhrá le Rióna Ní Fhrighil agus grianghraif le Simon Robinson.