Bailiúchán na Scol
Sun 19 Nov 12pm - 1pm

Date/Dáta
Sun 19 Nov
Venue/Ionad
Time/Am
Price/Praghas
Category
Children, Irish language
Beidh an cartlannaí Jonny Dillon thar n-ais linn i mbliana don ócáid aoibhinn seo ina gcuirfear scríbhneoireacht ógánaigh na leithinise i lár an aonaigh. Bíonn sé mar aidhm ag Feile Liteartha Chorca Dhuibhne ardán a chur ar fáil do scríbhneoirí óga áitiúla na haon bhliain agus ní haon eisceacht í féile na bliana seo. Cuirtear togra chun scríbhneoirí óga a spreagadh i mbun pinn ar siúl gach aon bhliain. Tá an togra seo bunaithe ar bhailiúchán na Scol, togra ceannródaíoch ó na 1930dí inar bhailigh daltaí bunscoile béaloideas agus seanchas ó dhaoine muinteartha. Roghnaítear scoil ar leith gach aon bhliain agus ceaptar scríbhneoir áitiúil chun na daltaí a spreagadh agus a threorú le ceardlanna. Is é Scoil Naomh Eoin Baiste, Lios Póil a bheidh páirteach sa togra seo i mbliana faoi stiúir Mharie Uí Ghrifín. Tá an fhéile go mór faoi chomaoin ag múinteoirí na scoile, na tuismitheoirí agus go háirithe na daltaí iontacha atá páirteach sa togra seo. Beidh saothar na ndaltaí le feiscint ag an ócáid seo agus beidh deis againn cuid de na scríbhneoirí óga a chlos ag léamh a bpíosaí.
Tá sé mar aidhm ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann traidisiún béil na hÉireann a bhailiú, a chur ar buanchoimeád agus a scaipeadh. Is le Bailiúchán na Scol is mó a shamhlaítear Cnuasach Bhéaloideas Éireann, bailiúchán 740,000 leathanach a bhailigh daltaí óga ó 5,000 bunscoil le linn na 1930dí. Ba é Coimisiún Béaloideasa Éireann, faoi stiúir Shéamuis Uí Dhuilearga agus Sheáin Uí Shúilleabháin, Stiúrthóir Oinigh agus Cláraitheoir an Choimisiúin faoi sheach, a chuir an scéim bailithe seo ar bun. Bhí an togra ag brath go mór ar chomhoibriú na Roinne Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann. Bhí sé i gceist go rithfeadh sé ó 1937 go 1938 ach tugadh síneadh ama go dtí 1939 i gcásanna áirithe. Le linn an tionscadail, earcaíodh breis agus 50,000 páiste scoile as 5,000 scoil i 26 contae Saorstát Éireann le béaloideas a bhailiú ina gceantair féin. I measc an ábhair a bhailigh siad tá stairsheanchas, dinnseanchas, scéalta bealoidis agus finscéalta, tomhais agus seanfhocail, cluichí agus caithimh aimsire, modhanna oibre agus ceirdeanna. Óna dtuismitheoirí, a dtuismitheoirí siúd agus óna gcomharsana a bhailigh na leanaí an t-ábhar.
__________________________________________________________________________________________________________________________
Féile Liteartha Chorca Dhuibhne/Dingle Literary Festival is cúis áthais an tacaíocht airgid a fháil ó Comhar Creidmheasa Cara Corca Dhuibhne. Tá an urraíocht mar bhuntaca go sonrach do thionscadal scoileanna Gaeilge na féile, Bailiúchán na Scol.
Ba é Bailiúchán na Scol a bailíodh in Éirinn sna 1930idí a spreag an tionscadal reatha. Oibríonn Dingle Lit le scríbhneoirí áitiúla agus le páistí scoile ar an leithinis chun stair áitiúil agus scéalta a nglúin a bhailiú. Tá sé i gceist an tionscadal a rolladh amach chuig gach scoil sa cheantar sna blianta amach romhainn agus cinnteoidh tacaíocht Comhar Creidmheasa Cara go leanfar leis.
Féile Liteartha Chorca Dhuibhne/Dingle Literary Festival is delighted to have the financial support of Cara Credit Union Corca Dhuibhne. The sponsorship specifically underpins the festival’s Irish language schools project, Bailiúchán na Scol. The current project was inspired by Bailiúchán na Scol (The Schools’ Collection) gathered in the Ireland of the 1930s. Dingle Lit works with local writers and school children on the peninsula to gather local history and the stories of their generation. It is intended to roll out the project to all schools in the area over the years ahead and the support of Cara Credit Union will ensure its continuation.