Cathal Pórtéir
Sat 18 Nov 4pm - 5pm

Date/Dáta
Sat 18 Nov
Venue/Ionad
Time/Am
Price/Praghas
Category
Irish language
Cuirfidh an scríbhneoir agus craoltóir Cathal Poirtéir a leabhar nua An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair (Cló Iar-Chonnacht) i láthair, leabhar neamhfhicsean ina ndéantar cur síos ar mar a chaith an tiarna talún George Hill le muintir Ghaoth Dobhair le linn na naoú haoise déag, go háirithe le linn an ghorta mhóir. Tá Cathal i mbun taighde ar an ábhar seo le 5 bliana anuas agus an cuntas fíor-shuimiúil seo scríobhta aige anois dá bharra ar Ghaoth Dobhair le linn na naoú haoise déag faoin dTiarna Talún George Hill.
Is craoltóir agus scríbhneoir é Cathal Póirtéir a shaothraíonn sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Chraol sé ar feadh 30 bliain ar RTÉ Raidió 1 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhain mórán den chraoltóireacht sin le cur chun cinn na litríochta agus na saíochta Gaeilge. Bhí sé ina eagarthóir ar leabhair bunaithe ar an obair seo, ina measc Scéaltaí san Aer, Éigse an Aeir, Glórtha ón Ghorta agus Gnéithe den Ghorta (Coiscéim), agus na dlúthdhioscaí dátheangacha a d’fhoilsigh RTÉ, Blasket Island Reflections. Bhí an-ráchairt ar a leabhair i mBéarla The Great Irish Famine (Mercier), agus Famine Echoes (Gill and Macmillan). Is saineolaí béaloidis é agus d’fhoilsigh Coiscéim a thráchtas MA ar Mhicí Sheáin Néill, scéalaí agus scéalta. Ainmníodh a chnuasach filíochta, Tonnchrith Inntine (Coiscéim), do Dhuais Liteartha an Irish Times agus bhain sé Duais na nAmharclanna Gaeilge san Oireachtas do dhráma ardáin leis. Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais agus Bonn Óir Bhord na Gaeilge d’Alumni UCD air. Bíonn iriseoireacht liteartha leis in The Irish Times agus Books Ireland. Chaith sé cúig bliana mar Chathaoirleach ar Imram agus bhí sé ar Chathaoirleach bunaithe Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge.
Ta Cathal i gcomhrá le Éilís Ní Dhuibhne.