
AN GEARRSCÉAL, AN tÚRSCÉAL, AN FHILÍOCHT AGUS AN SPLANCSCÉAL
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile
Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí fásta den uile chineál a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal, san úrscéal, sa bhfilíocht nó sa splancfhicsean.
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, sliocht as úrscéal (5-8 lch) dán nó dhó nó splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir na Ceardlainne, Micheál Ó Conghaile ag moccic22@outlook.com ROIMH an 9 Samhain 2023.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar an gceardlann.
Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.