Dinnseanchas le Lorraine Ní Chathasaigh, Seán Óg Ó Duinnín agus Micheál Ó Conghaile
Sat 21 Nov 12pm - 1pm
Date/Dáta
21/11/2026
Venue/Ionad
Time/Am
Price/Praghas
Category
Irish language
Is cuid de thionscadal leanúnach é Dinnseanchas, ar chuir Cló Iar-Chonnacht tús leis roinnt blianta ó shin i gcomhar le Cúirt, chun scríbhneoirí Gaeilge Gaeltachta a spreagadh le tabhairt faoi shaothar nua cruthaitheach ina mbeadh nasc aige leis an dinnseanchas.
Déantar iniúchadh sa tionscadal ar an dinnseanchas – miotais, an tírdhreach, an béaloideas agus an stair a bhaineann le áiteanna srl., – agus ar an gcaoi a dtagann na gnéithe seo chun cinn sa scríbhneoireacht chruthaitheach.
Ó cuireadh tús leis an tionscadal in 2021, coimisiúnaíodh scríbhneoirí as Gaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre, ina measc Conamara & Árainn, Tír Chonaill, Ciarraí agus An Rinn.
Ag an ócáid seo beidh beirt scríbhneoirí as Corcaigh, Lorraine Ní Chathasaigh agus Seán Óg Ó Duinnín, ag caint ar thionchar an dinnseanchais ar a gcuid scríbhneoireachta agus ag léamh óna saothar. Is é Micheál Ó Conghaile a bheidh ina fhear an tí ag an ócáid.
Is deis é an ócáid seo le tuiscint níos doimhne a fháil ar an dinnseanchas i gcúrsaí litríocht.
Eolas faoi inrochtaineacht an ionaid anseo




