Ceardlann le Fighting Words

Fri 20 Nov 10am - 12pm

Date/Dáta

20/11/2026

Venue/Ionad
Time/Am
10am - 12pm
Price/Praghas
Category

Children, Irish language

Táimid ana shásta go mbeidh ceardlann ag Fighting Words le daltaí na hidirbhliana i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, dírithe ar an scríbhneoireacht ficsin, mar chuid de Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne na bliana seo.

Is imeacht dúnta é seo, do scoil áitiúil.

Cuireann Fighting Words ceardlanna scríbhneoireachta chruthaitheach i mBéarla agus i nGaeilge ar fáil do bhunscoileanna, do mheánscoileanna, agus do ghrúpaí éagsúla eile sa phobal.  Bíonn béim i gcónaí ar an gcruthaitheacht, ar an samhlaíocht, agus ar an spraoi sna ceardlanna a dheineann Fighting Words. Cuirtear luach ard ar an bhféinmhuinín agus ar mheas a léiriú dá chéile linn na ceardlainne seo. Bíonn gach ceardlann Fighting Words saor in aisce.
Níl an ócáid seo oscailte don bpobal, tá sé á reachtáil i gcomhpháirtíocht le Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Fighting Words.

Venue Accessibility information here

Logos of Cara Credit Union and the Irish America Partnership