I gcroí na hEorpa: Literature of Witness

Sat 18 Nov 3pm - 4pm

Dairina Ni Chinnede
Date/Dáta

Sat 18 Nov

Venue/Ionad
Time/Am
3pm - 4pm
Price/Praghas
Free
Category

Irish language, Non-fiction

I gcroí na hEorpa: Literature of Witness le Zlata Filipović, an tOllamh Rióna Ní Fhrighil agus Dairena Ní Chinnéide

Cén ról atá ag an litríocht in aghaidh na mórchreim agus an chogaidh?

Sa phlé dátheangach seo léifidh an file Dairena Ní Chinnéide dánta atá aistrithe ó Bhoisnis go Gaeilge agus Béarla ag an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill agus pléifear iad leis an scríbhneoir Boisnis Zlata Filipović, údar Dialann Zlata: A Child’s Life in Sarajevo, a foilsíodh i 1992.

Is í Nuala Ní Dhomhnaill a thug na dánta seo os comhair lucht féachana idirnáisiúnta.

Is í an tOllamh Rióna Ní Fhrighil, Ollscoil na Gaillimhe-Ollscoil na Gaillimhe a bheidh ina cathaoirleach ar an bplé seo.

Zlata Filipović

Zlata Filipović (born 3 December 1980) is a Bosnian-Irish diarist. She kept a diary from 1991 to 1993 when she was a child in Sarajevo during the Bosnian War, which was later published as Zlata’s Diary: A Child’s Life in Sarajevo. She and her family survived the war and moved to Paris where they lived for a year. She attended St. Andrew’s College in Dublin going on to graduate from the University of Oxford in 2001 with a BA in human sciences, and has lived in Dublin since October 1995, where she studied at Trinity College. Filipović has continued to write. She wrote the foreword to The Freedom Writers Diary and co-edited Stolen Voices: Young People’s War Diaries, From World War I to Iraq.

Nuala Ní Dhomhnaill

Nuala Ní Dhomhnaill is one of the most prominent poets writing in the Irish language. Her poetry has been translated into English by a number of well-known Irish poets, including Seamus Heaney, Medbh McGuckian, and Paul Muldoon.

Is iomaí cnuasach filíochta, dráma do pháistí, script scannáin, díolaim, alt, léirmheas agus aiste foilsithe ag Nuala. Sa bhliain 1981 a foilsíodh an chéad chnuasach filíochta uaithi, An Dealg Droighin. Foilsíodh freisin Féar Suaithinseach(1984); Feis (1991); Spíonáin is Róiseanna (1993); Cead Aighnis (1999). Tá sí ina ball d’Aosdána agus bhí sí mar Ollamh Filíochta na hÉireann (2001-2004). Is mó scoláireacht, duais, agus sparánacht faighte aici. Samhlaíocht agus béaloideas agus na seanamhráin a bhíonn aici mar thobar dá saothar. Tá féith an ghrinn agus rian den fheimineachas le brath ar chuid dá saothar chomh maith. I nGaeilge amháin a bhíonn Nuala ag scríobh, ach fáiltíonn sí roimh aistriúcháin.

Dar léi ‘Irish is a language of beauty, historical significance, ancient roots and an immense propensity for poetic expression through its everyday use’.

Dairena Ní Chinnéide

File dátheangach í Dairena Ní Chinnéide, tá 11 cnuasach filíochta foilsithe aici. Tairseach foilsithe ag Éabhlóid (2021) a cnuasach is déanaí. Sé’n leabhar deleted (2019) le Salmon Poetry, a céad cnuasach as Béarla. I measc cnuasaigh eile filíochta atá foilsithe aici tá Fé Gheasa : Spellbound, Arlen House (2016), Cloithear Aistear Anama, Coiscéim (2013) agus Labhraíonn Fungie / Fungie Speaks, Ponc Press (2015).Ghóthaigh sí Patrick & Katherine Fellowship, Damhachtain Litríochta Gaeilge ón gComhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta. Iar iriseoir agus craoltóir, ateangaire agus léiritheoir teilifíse í.