Maireann croí éadrom i bhfad Beo ar Éigean caint le Jamie Ó Flannúra

Sat 18 Nov 8pm - 9pm

Date/Dáta

Sat 18 Nov

Venue/Ionad
Time/Am
8pm - 9pm
Price/Praghas
0
Category

Fiction, Irish language

THIS EVENT IS BOOKED OUT

Tá mná Bheo ar Éigean ag teacht go Corca Dhuibhne don bhFéile Liteartha!!. Labhróidh an triúr ildanach seo ar thábhacht na litríochta ina saoil, na leabhair a thaithin leo, na leabhair a chuaigh i bhfeidhm orthu agus go leor eile. Beidh Sinéad, Áine agus Siún i mbun caint le Jamie Ó Flannúra ó Dhaingean Uí Chúis.  

Tá Beo ar Éigean ar cheann de na podchraoltaí is rathúla sa Ghaeilge. Podchraoladh is ea é ina ndéanann Áine, Sinéad agus Siún plé agus cíoradh ar rogha leathan ábhair ar nós cairdeas, an grá, brú an tsaoil, náire, cuimhní geala agus cúrsaí craicinn.

Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh anseo nó ar Spotify.

Is cainteoir dúchasach ó Corca Dhuibhne é Jamie Ó Flannúra. Tá taithí aige bheith ag obair mar láithreoir, léiritheoir agus MC agus ag cruthú ábhair ar na meáin shóisialta le haghaidh imeachtaí áiriúla (Dingle Races, Dingle Food Festival). Tá taithí freisin ag Jamie mar léiritheoir le Cúla 4 agus TG4, mar láithreoir ar Cúla4 ar Scoil agus Foghlaim TG4.

Bígí linn for this lively, fun chat about books and literature.

Duchas