Éire: An tábhacht a bhaineann leis a bheith i do chónaí ar oileán le Michael Cronin
Sat 21 Nov 1:30pm - 2:30pm
Date/Dáta
21/11/2026
Venue/Ionad
Time/Am
Price/Praghas
Category
Irish language
Tá a fhios ag an saol gur náisiún oileánda í Éire. Ach cé chomh minic is a dhéanaimid machnamh ar a bhfuil i gceist le bheith i d’oileánach? Áitíonn Michael Cronin gur minic a dhéanaimid neamhaird den bhunfhíric gur saol muintire oileánda atá á chaitheamh againn. Le céadta bliain anuas, dhírigh ceist neamhspleáchas an oileáin seo ar chúrsaí polaitíochta agus ar an gcumas úinéireachta a bheith againn ar an talamh ar a sheasaimid. Ach anois , agus an ghéarchéim aeráide ag bagairt ar an mbaile oileánda atá i bpáirt againn, ní mór dúinn machnamh práinneach a dhéanamh arís ar an gcaoi ar féidir linn ár saol oileánda a chosaint agus a chur chun cinn, idir thalamh agus mhuir.




