Painéal Cainte ar Scríobh na Gaeilge

Sat 21 Nov 3pm - 4pm

Date/Dáta

21/11/2026

Venue/Ionad
Time/Am
3pm - 4pm
Price/Praghas
Free
Category

Irish language

Déanfaidh na scríbhneoirí Laoighseach Ní Choistealbha, Eoin McEvoy agus Aedín Ní Thiarnaigh plé ar a gcuid taithí scríbhneoireachta ag tabhairt filíocht, iriseoireacht, scríbhneoireacht chruthaitheach agus drámaíocht san áireamh. Cad iad na deiseanna agus na dushláin a bhaineann leis an earnáil seo?

Tógadh Laoighseach Ní Choistealbha i gceantar an Lagáin in Oirthear Dhún na nGall. Tá cónaí uirthi i nGaeltacht Chonamara anois. D’fhoilsigh Barzaz na cnuasaigh Solas Geimhridh (2023) agus Mainistir na Feola (2025). Ceapadh mar scríbhneoir cónaitheach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana í.

Is file, drámadóir, aistritheoir agus gníomhaí pobail é Eoin Mc Evoy. Rinne sé an t-aistriúchán Gaeilge ar na húrscéalta grafacha, Heartstopper 3 (2026), Heartstopper 2 (2025) agus Heartstopper 1 (2024) a cuireadh ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe. Oibríonn Eoin i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, mar a mbíonn sé ag múineadh ar chúrsaí san aistriúchán agus sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus ag plé leis an teicneolaíocht oideachais.

Is scríbhneoir agus colúnaí í Aedín Ní Thiarnaigh as Contae Loch Garman, atá ag cur fúithi in Inis Meáin na Gaillimhe le roinnt blianta anuas. Bronnadh Sparánacht Ealaín na Gaeltachta uirthi mar Ealaíontóir Gaeltachta in 2025 chun forbairt a dhéanamh ar a céad úrscéal, úrscéal comhaimseartha grá. Chomh maith lena cuid scríbhneoireachta, bíonn Aedín ag obair mar chraoltóir, mar aistritheoir agus mar bhailitheoir béaloidis.

Is í Úna Nic Cárthaigh a bheidh ina cathaoirleach ar an ócáid. Tógadh Úna in Iarthar Chorcaí agus tá sí ag cur fuithí anois sa Ghaillimh. Bhain sí céim sa Chumarsáid amach le hOllscoil na Gaillimhe agus Máistir Gairmiúil san Oideachas ó Choláiste Mhuire Gan Smál. Bhuaigh sí an tríú duais sa chomórtas gearrscéalta Gaeilge ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne i 2024. Roghnaíodh í mar mheantaí ar Chlár Meantóireachta Náisiúnta de chuid Áras Scríbneoirí na hÉireann do 2026.

Eolas faoi inrochtaineacht an ionaid anseo

Téarmaí agus coinníollacha áirithinte