Féile Litríochta an Daingin 2024: Filleann Céiliúradh Barr Feabhais Liteartha

5:01pm | Wed 11 Sep 2024

Tá áthas ar Fhéile Litríochta an Daingin, ceiliúradh bliantúil ar litríocht atá suite i gcúlra iontach Leithinis an Daingin, eagrán 2024 a nochtadh. Le bheith ar siúl ó Dé hAoine, 15ú Samhain go dtí Dé Domhnaigh, 17ú Samhain, geallann féile na bliana seo eispéireas iontach liteartha a spreagfaidh agus a mheallfaidh lucht freastail de gach aois.

Ta lán-eolas ar fáil anois ón suíomh gréasáin oifigiúil www.dinglelit.ie, áit ar féidir ticéid a cheannach freisin d’imeachtaí na n-údar, agus ceardlanna liteartha speisialaithe.

Cuirfidh féile na bliana seo réimse leathan imeachtaí ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, lena n-áirítear léamha údair, díospóireachtaí phainéil, agus ceardlanna a bheidh in oiriúint do gach aois. Tá na gníomhaíochtaí seo deartha chun na healaíona liteartha a cheiliúradh agus chun pobal bríomhar léitheoirí agus scríbhneoirí a chothú.

Beidh sraith iontach d’údair aitheanta Éireannacha le feiceáil ag féile 2024, lena n-áirítear:

• Oliver Jeffers, a bhfuil cáil air as a litríocht shamhlaíoch do pháistí agus a chuid léaráidí sainiúla. Aistríodh a chuid leabhar go hilbhéarlaí agus baineann leanaí ar fud an domhain sult astu.
• Roddy Doyle, úrscéalaí, drámadóir agus scríbhneoir scripte. Rinneadh scannáin roinnt dá leabhar, ag tosú le “The Commitments” i 1991.
• Donal Ryan, a bhfuil cáil ar a fhicsean tuisceanach agus mothúchánach. I measc a shaothair tá “The Spinning Heart”, a bhuaigh Gradam Leabhar na hÉireann le haghaidh Úrscéal na Bliana, agus “From a Low and Quiet Sea,” a bhí ar an liosta fada don Duais Man Booker.
• Diarmad Ferriter, staraí Éireannach ar nua-stair na hÉireann. Díríonn a chuid taighde agus scríbhneoireachta ar ghnéithe sóisialta, cultúrtha agus polaitiúla na hÉireann san 20ú haois.
• Róise Ní Bhaoill, file, eagarthóir, béaloideasaí agus scríbhneoir gearrscéalta. Bronnadh Gradam An Leabhar Ficsin is Fearr i nGaeilge na Bliana 2023 ag An Post ar a céad chnuasach gearrscéalta, “Imram agus Scéalta Eile”.
• Muireann Ní Chíobháin, údar leanaí, scríbhneoir scripte agus taibheoir as Corcaigh. Tá leabhair do pháistí scríofa aici i nGaeilge agus i mBéarla.
• Oein deBairduin agus Natalie Ní Chasaide, a bheidh ag óstáil imeachtaí dátheangacha do pháistí a spreagfaidh a samhlaíocht agus a gcruthaitheacht go cinnte.
• Peadar Ó Riada, cumadóir, ceoltóir, stiúrthóir cór, agus craoltóir nach féidir a thionchar ar cheol traidisiúnta na hÉireann a mheas faoina luach. Is ómós croíúil é a leabhar is déanaí “Ceoltóirí Chualann: The Band that Changed the Course of Irish Music” do na ceoltóirí a shainmhínigh ceol traidisiúnta na hÉireann.
• Cecelia Ahern, aitheanta go hidirnáisiúnta as a cuid úrscéalta sárdhíola. Tá breis is 25 milliún cóip dá húrscéalta díolta aici ar fud an domhain. Tá dhá leabhar dá cuid, lena n-áirítear “PS I Love You”, curtha in oiriúint mar mhórscannáin.
• Barbara Scully, scríbhneoir, colúnaí agus craoltóir mór le rá, in éineacht le Orla O’Daherty agus Val Troy in “The Madonna Effect”.
• Ann Marie Flanagan, gníomhaí cathaoir rothaí, máthair, agus bean chéile as an gClár, tiomanta do chearta an duine, ceartas aeráide, agus abhcóideacht míchumais a chur chun cinn, agus chomh-scríobh agus chuir sí in eagar “We Are Human Too”.
• Felicity Hayes McCoy, údar na n-úrscéalta “Finfarran”, suite i gcontae ficseanúil ar Chósta Thiar na hÉireann.

Beidh sárthaispeántas ag Féile Litríochta an Daingin 2024 do bhuaiteoirí Chomórtas Gearrscéalta an Daingin freisin. Bhí an comórtas oscailte do scríbhneoirí gearrscéalta chun saothar a chur isteach i nGaeilge nó i mBéarla. Beidh na húdair bhuaiteacha ag léamh amach óna saothar sa Green Room.

Beidh dhá imeacht ar leith ag an bhféile a bheidh dírithe ar fhicsean aistrithe, le tacaíocht ón Duais Eorpach don Litríocht, tionscnamh bliantúil chun aitheantas a thabhairt do na scríbhneoirí ficsean is fearr san Eoraip atá ag teacht chun cinn.

Beidh sárthaispeántas ag an bhFéile do thriúr príomhfhile ó The Gallery Press, príomhfhoilsitheoir filíochta agus drámaíochta comhaimseartha na hÉireann. Ar an Domhnach, 17ú Samhain, beidh “Poetry in Motion” ar siúl ar thuras bus radharca ón Daingean go Teach Tábhairne Krugers, arna óstáil ag Emer Fallon. Beidh stad caife mar chuid den imeacht agus cuireann sé meascán sainiúil filíochta agus radhairc ar fáil.

Dúirt Sheila O’Reilly, Stiúrthóir na Féile, “Tá bród orainn a fheiceáil cé chomh fada agus atá Féile Litríochta an Daingin tar éis teacht ó cuireadh tús leis. Gach bliain, fásann agus forbraíonn an féile, agus táimid ar bís leanúint lenár traidisiún an litríocht Éireannach is fearr a cheiliúradh i suíomh chomh bríomhar agus chomh radharca seo. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh chách le haghaidh eispéireas taitneamhach agus saibhrithe eile i mí na Samhna.”

Tá Féile Litríochta an Daingin 2024 á óstáil le tacaíocht ón Urraitheoir Comhlach Dingle Distillery; Eagraíochtaí deontais: An Chomhairle Ealaíon, Comhairle Contae Chiarraí, Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Fáilte Éireann; agus le tacaíocht ó RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona.