cover of Gealach agus Grian

Gealach agus Grian le Muireann Ní Chíobháin

2:26pm | Mon 19 Aug 2024

Tá bua ar leith ag Muireann Ní Chíobháin nuair a thagann sé go dtí cúrsaí samhlaíochta, agus tuiscint aici ar cad a thaitneodh le léitheoirí óga. Leabhar gleoite do leanaí faoi sé mbliana d’aois atá sa leabhar seo ‘Gealach agus Grian’.

‘An raibh fhios agat go raibh cónaí ar an nGealach agus ar an nGrian in aon teach beag amháin fadó? Ní raibh? Bhuel, bhí- is cosúil! Conas mar a bhí acu, an dóigh leat? Agus conas gur thuas sa spéir atá cónaí anois orthu? Oscail an leabhar seo go bhfeicfidh tú!’

Tá an leabhar seo tiomnaithe ag Muireann dá beirt deirfiúr, d’éinne a roinn seomra riamh, agus dá beirt rógaire féin.

Tuigeann éinne a roinn seomra le duine eile go mbíonn fadhbanna ann go minic, agus tá cuid dos na deacreachtaí san luaite sa leabhar ag Muireann. Bhí Gealach néata agus ciúin, ní raibh Grian! Tagann sé go dtín bpoinnte ná féidir leo fanacht sa tseomra céanna a thuilleadh, agus caitheann siad a spás féinigh a aimsiú. Is anseo a thosnaíonn an cuardach agus an domhan á shiúl ag Gealach ag triail ar áit nua a bheadh oiriúnach di féin. Tá an maisiú atá déanta ag Brian Fitzgerald go haoibhinn ar fad, agus cuireann a phictúirí go mór leis an scéal.

Ar deireadh tagann siad ar réiteach na faidhbe, agus iad ábalta maireachtaint i slí a ligeann dóibh bheith mór le chéile, toisc a spás féinigh a bheith aimsithe ag an mbeirt acu. Tá ceacht anseo do leanaí chomh maith gan dabht, go gcaithfimíd tuiscint a bheith againn ar a chéile, tuiscint ar cad ná taitneodh le duine eile agus an slí ba cheart dúinn mothúcháin an duine eile a thógaint san áireamh.

Bheadh an leabhar seo go hiontach do mhúinteoirí scoile a bheadh ag iarraidh ceachtanna ealaíona a fhorbairt bunaithe ar scéal, nó d’éinne le leanaí óga age baile.

Beidh ceardlann á thabhairt ag Muireann Ní Chíobháin do leanaí faoi hocht mbliana d’aois ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne na bliana seo, ar  a 11 a chog ar maidin Dé Sathairn an 16ú lá in Ionad an Bhlascaoid. Is cinnte go mbeidh ana mhaidin ann.

Tá Gealach agus Grian foilsithe ag Futa Fata, agus é ar fáil sa Chaifé Liteartha sa Daingean agus i Siopa Leabhar an Daingin https://dinglebookshop.com/search?q=grian+agus+gealach

Edel Ní Loibhéad

Dingle Literary Festival 2024