cover of Giotta na Leisce

Giolla na Leisce aistrithe go Gaeilge ag Diarmuid Ó Murchú

5:32pm | Mon 19 Aug 2024

Tá Mercier Press 80 bliain ar an bhfód i mbliana, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar sin tá roinnt mhaith leabhra ath-fhoilsithe acu ó Mhárta na bliana seo, ‘Giolla na Leisce’ ar cheann acu san.

Tá an leabhar seo bunaithe ar scéal a bhailigh an bailitheoir béaloidis Joseph Jacobs i Sasana, fear a rugadh sa bhliain 1854 agus a cailleadh i 1916. Tá cnuasaigh éagsúla de scéalta agus sí-scéalta a bhailigh Jacobs i Sasana, in Éirinn, sa Fhrainc agus san India foilsithe le blianta fada anuas.

Dh’aistrigh Diarmuid Ó Murchú leabhar Barry Wilkinson ‘Lazy Jack’ go Gaeilge sa bhliain 1969, agus é athfhoilsithe arís ag Mercier Press i mbliana. Ní bheinn tagaithe trasna ar an leabhar seo murach seo, agus is maith an rud é a bheith ar fáil arís.

Bhí máthair agus mac ag maireachtaint le chéile fadó, agus iad ana bhocht ar fad. Bhí an mac ‘Giolla’ ana leisciúil, agus bhíodh a mháthair ag obair ó dhubh go dubh. Chuir sí iachall air post a fháil do fhéin, ach bhíodh Giolla thíos leis i gcónaí nuair nár dhein sé an rud ceart ag an am ceart. Tá an greann lárnach sa scéal seo agus bíonn rud éigint áiféiseach ag titim amach gach lá. Tá leanúnachas sa scéal chomh maith, a chabhródh le léitheoirí óga, tá pátrún sa scéal agus bheadh na léitheoirí óga ábalta buille fé thuairim a thabhairt maidir le cad é an chéad rud eile a thitfeadh amach. An éireoidh le Giolla agus a mháthair an bochtannas a fhágaint ina ndiaidh? Beidh oraibh an leabhar a léamh chun freagra na ceiste san a fháil amach!

Níl an Ghaeilge casta sa scéal seo, agus an leabhar oiriúnach do leanaí idir 6-8 mbliana d’aois.

Tá an leabhar seo foilsithe ag Mercier Press agus ar fáil uathu anseo https://www.mercierpress.ie/books/giolla-na-leisceleabhar-pictiur-le-barry-wilkinson/

Edel Ní Loibhéad