Diarmuid Ó Murchú

Iarmhairt le Pádraig Mac Fhearghusa

1:03pm | Mon 19 Aug 2024

Tá roinnt mhaith cnuasaigh filíochta foilsithe ag Pádraig Mac Fhearghusa go dtí seo, ach cnuasach ar leith is ea ‘Iarmhairt’. Is deacair aon rud a rá fén gcnuasach seo nach bhfuil ráite cheana, nó i slí níos áille ná cur síos Mháire Ní Annracháin ina réamhrá ag tús an leabhair:

“Dá léannta iad na dánta seo ní cluiche intleachtúil riamh na macallaí, ná ní tagairtí loma iad do thraidisiúin na Gaeilge, na Críostaíochta agus na gClasaicí. Luíonn siad go héadrom sna dánta; is siombailí iad a bhfuil beatha úr séidte iontu agus iad tarraingthe siar ón ndearmad.”

Tá dánta Mhic Fhearghusa lán de cheisteanna fealsúnachta, lán de Chríostaíocht, agus lán de ghrá, ach is é an slí ar leith atá ag an bhfile chun na focail a chur le chéile ionas go gceisteodh an léitheoir an saol an rud is ansa liomsa féna chuid filíochta. Á léamh, tá an léitheoir ann, is é an léitheoir a bhraitheann an grá, an brón, an léitheoir atá ag ceistiú.

“Is cá mbeamna, a chaomha,

Is a chomh-pháirtínigh?

Cad is fiú an fuadar[?]”

(Is mó grian a bhláthóidh)

Sa chnuasach seo, tá meascán de shaothair an fhile a bhí foilsithe cheana féin, dánta nua, chomh maith le haistriúcháin ar dhánta, agus tá an leabhar roinnte de réir téamaí. Is slí ar leith é seo chun saothar file a léamh, in ionad dánta a léamh de réir a bhfoilsithe ach iad rangaithe sa tslí gur féidir dán amháin a léamh i ndiaidh dán eile i ndiaidh dán eile.  Tá an leabhar maisithe ag Aoife Nic Fhearghusa sa tslí a chuireann leis an rangú seo is a thugann ábhar machnaimh don léitheoir ag pointí áirithe.

Tá greann sna dánta, leis, rud a lonnaíonn an fhilíocht sa bhfíorshaol:

“Ach cogar chugham, a Dhia,

An mbeidh caife ar fáil ar maidin,

Nó piúnt leanna istoíche ann,

Is na haingil, bhfuilid baineann?”

(Cogar i leith chugham)

Bhrisfeadh an dán Crua-cheist croí aon léitheora, agus é i dtreo dheireadh an chnuasaigh, fanfaidh sé leis an léitheoir. Téann an tsimplíocht sa bhfoclaíocht sa dán seo i bhfeidhm go mór ar an té a léann é, an codarsnacht idir an simplíocht sna focail a roghnaíodh agus t-uafás sa scéal a insíodh.

Is cuid den sraith Téad na Filíochta é ‘Iarmhairt’ a d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR in 2023 agus is féidir agus ba chóir é a fháil ó aon siopa leabhair.

Tá sé ar fáil sa Chaifé Liteartha sa Daingean agus i Siopa Leabhar an Daingin https://dinglebookshop.com/

Hannah Ní Chonghaile