
Idir an Dá Fhearsaid le Róise Ní Bhaoill
3:53pm | Sun 27 Oct 2024
Is údar ildánách í Róise Ní Bhaoill ó Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill ach atá ina cónaí i mBéal Feiriste anois, agus tá ualach oibre déanta aici maidir le béaloideas Thír Chonaill. Bhuaigh a céad cnuasach gearrscéalta ‘Imram agus Scéalta Eile’ Leabhar Gaeilge na Bliana ag An Post Irish Book Awards anuraidh, agus sé ‘Idir an Dá Fhearsaid’ an chéad chnuasach filíochta óna peann, agus ainmníodh ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana é.
An chéad dán a léigh mé ón mbailiúchán seo ‘Idir an Dá Fhearsaid’ ná ‘An Baile’, agus chomh maith le árdú croí a thabhairt dom, is dóigh liom go dtug an dán áirithe seo éachtaint dom ar cén saghas duine í Róise Ní Bhaoill. Tá grá agus meas aici ar na gnéithe éagsúla a bhaineann lena baile, na scéalta béaloideasa, na logainmneacha, nósanna na ndaoine, agus na daoine féinigh a dh’imigh roimpi. Gan tuiscint a bheith againn ar na gnéithe sin go léir an féidir linn marachtaint i gceart in áit?
‘Sin thall Carraig na hIomrascála,
Áit ar chaith an sagart
Punann choirce sa deán,
Ag fiacháil a theacht ar shocrú,
Fá cé arbh leis an fheamnach,
An dream thall nó an dream abhus.’
Is breá liom an cur chuige atá aici sa dán seo, táimid ar chamcuairt ina teannta agus na háiteanna is tábhachtaí di féin á thaispeáint aici dúinn.
Tá Róise Ní Bhaoill fíreannach ina hinsintí. Ní thugann sí léirgeas rómánsúil dúinn ar a háit dúchais, tharla tubaistí ann fé mar a tharlaíonn i ngach áit cois cósta.
‘Is ar muir
Seachas ar tír,
A bhíodh ár n-iúl is ár siúl
I mbun pléisiúir agus gnó.
Is aici a bhí a cuid féin
De stócaigh an bhaile,
Agus tá scéal go fóill
Ar Charraig na nDeor,
Áit ar shuigh athair
Gur chaoin sé a mhac.’
Fé mar atá le feiscint ins na ceantracha Gaeltachta go léir, agus fén dtuath in Éirinn, tá an saol ag athrú. Tá sé tábhachtach tuiscint a bheith againn ar conas mar a bhí, agus na scéalta agus logainmneacha a chaomhnú chun tuiscint a bheith againn ar cad as dúinn.
‘Níl an dúiche breac le curaíocht,
Níl cruach chumtha fá bhinn gach tí,
Ach tá an fearann seo beo go fóill,
Le glórtha glúnta,
Is tá mo chroí in áit chónaithe.’
Is léir go bhfuil an nádúr agus na héanlaithe tábhachtach do Róise, agus iad pléite i go leor dánta in ‘Idir an Dá Fhearsaid’.
Tá meascán míllteach de ábhair clúdaithe sa chnuasach seo, agus tá ‘Giobóg na Goice’ cumhachtach mar dhán, agus í ag tagairt don éagóir a deineadh ar mhná na tíre nuair a bhí tithe na máithreacha agus naíonán i gcumhacht.
‘An dall a bhí an tsúil?
An bodhar a bhí an chluas?
Cén chúis a raibh muid balbh
Is iad ag calcadh na mbréag suas?’
Tá cúrsaí polaitíochta pléite gan dabht, agus Róise ag cur fúithi anois i mBéal Feiriste. Seo cúpla line ó ‘Muince Mhiotail’
‘Tá muince chosanta mhiotail
Ina chrios ar lár na cathrach,
Mar bheadh sé ag coinneáil
Dream amháin amuigh
Is an dream eile istigh.’
Is mó téama nua-aimseartha agus polaiticiúil eile atá fiosruithe agus pléite ag Róise sa bhailiúchán seo, ach tá súil agam go léifidh sibh na dánta seo sibh fhéin agus bhúr dtuiscint féin a bhaint astu. Tá sé tábhachtach go léifimís dánta mar iad, cuireann siad i gcuimhne dúinn cad as a bhfuilimid tagaithe agus cá bhfuil ár dtriail, agus b’fhéidir go bhféadfaimís éagóracha a sheachaint sa todhchaí agus sinn ag cuimhneamh ar na dearúdaí a deineadh cheana.
Cothrom na nDathanna
‘Ach ní hábhar ceiliúrtha do ghrása.
An grá sin a fhásfas faoi choim,
Ar eagla bascadh nó cáineadh
Ní dheanfar á fhógairt go lom.’
Líonann is Tránn
‘Cé hí do mháithrín,
A mhaicín beag ó,
Cén réimeas ónar theith sí,
A chuisle is a stór?
Ar cheil sí ort an eagla,
A mhaicín beag ó,
‘Bhúr suí ar an bhád sin,
A chuisle is a stór?’
Tá moladh ar leith tuillte ag an gcomhlucht foilsitheoireachta ‘Éabhlóid’ as caighdeán an leabhair seo. Tá toirt an leabhair áisiúil agus álainn, ina theannta san úsáideadh páipéar aoibhinn-é ana mhín agus bog, uaireannta baintear úsáid as páipéar atá níos saoire, seans, ach bíonn braistint ghránna plaisteach uaidh. ‘Sí Kim Sharkey a dhein dearadh ar an gclúdach agus a dhein an ealaíon sa leabhar.
Tá an leabhar seo ar díol sa Chaifé Liteartha agus i Siopa Leabhar an Daingin
Chuir Aoife Ní Shúilleabháin Róise Ní Bhaoill faoi agallamh ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne na bliana seo agus bhí slua álainn i láthair, agus is cinnte go gcuaigh Róise i bhfeidhm go mór ar an lucht éisteachta agus í ag aithris a cuid filíochta féin, agus í ag labhairt fés na rudaí go léir a spreag í leis an gcnuasach seo.
Edel Ní Loibhéad




