Imeachtaí Gaeilge ar siúl

11:16am | Sat 7 Oct 2023

Beidh neart imeachtaí Gaeilge ar siúl le linn fhéile na bliana seo agus iad ag freastal ar gach aoisghrúpa, idir óg agus aosta! Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an Fhéile Litríochta Chorca Dhuibhne is mó againn i mbliana le 62 údar agus 39 imeachtaí thar dhá lá in Iarthar Chiarraí!

Beidh scoth na n-údar Gaeilge ag an bhféile chomh maith, Róisín Nic an tSíthigh, Éilís Ní Dhuibhne, Nuala Ní Dhomhnaill, Beo ar Éigean, Celia de Fréine, Cathal Póirtéir, agus Dáithí de Mórdha ina measc.

Chomh maith leis sin, beidh an t-iriseoir Éireannach Sineád Ní Ullacháin i dteannta Nadia Dobrianska le haghaidh maidin dhátheangach spraíúil i nGaeilge/Úcráinis i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Tá ticéid saor in aisce don imeachtí ach níl ach méid áirithe ar fáil. Is féidir ticéid a chur in áirithe ag an nasc seo. Tuilleadh sonraí a fháil anseo