
Oiread na Fríde-Jackie Mac Donncha
10:18pm | Sat 27 Jul 2024
Leabhar do dhéagóirí óga agus dos na hard-ranganna i mbunscoileanna Gaeltachta nó Gaelscoileanna atá sa leabhar seo. Tá téama ana thábhachtach agus ana bhunúsach á phlé ag an údar sa scéal; líon tí ag dul i ngleic le bás sa chlann, agus na braistintí éagsúla a bhíonn ann le himeacht ama agus iad ag bogadh ar aghaidh lena saoil.
Cuirimid aithne ar chlann sa scéal seo, is baintreach óg í Áine atá ag maireachtaint lena leanaí Aoife agus Naoise,cúpla atá sna déagaibh, agus le máthair a céile, Peige. Tá caidreamh tosnaithe ag Áine le fear nua, dhá bhliain i ndiaidh dá céile bás a fháil , agus cífimid conas mar a ghlacann an teaghlach leis na hathruithe seo.
Níl an scéal seo casta, ach fós tá saibhreas ann, agus d’fhéadfadh sé cabhrú le déagóirí a bheadh ag gabháil trí na hathruithe céanna ina saoil, tá compord ar leith ag baint le bheith ábalta tú fhéin a aithint i scéal. Ní ghlacann na héinne leis an bhfear nua, Gearóid, ar an bpointe, agus nach mar sin a bhíonn an saol go minic.
Tá slí cliste aimsithe ag an údar Jackie Mac Donncha chun nathanna cainte a bheadh ag an seanadhream i gConamara a roinnt tríd an leabhar- bíonn Peige á roinnt le seandálaí ó Bhleá Cliath a bhíonn siúlach ar an dtigh. B’fhéidir go meabhródh seo do dhéagóirí a léifeadh an scéal seo go bhfuil saibhreas thar cuimse acu age baile, dá n-éisteoidís lena seana thuismitheoirí!
Tá scil ar leith ag Jackie Mac Donncha- baineann sé úsáid as a ghaeilge nádúrtha fhéin sa leabhar, agus í curtha i láthair i slí a bheadh oiriúnach do dhéagóirí óga, ná beadh ró dhúshlánach dóibh, ach Gaeilge a mealladh iad chun a breis léitheoireachta a dhéanamh, sin scil!
Mholfainn do mhúinteoirí an leabhar seo a úsáid le daltaí i Rang a 6, nó i mbliain a 1 nó 2.
Tá an leabhar seo foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus ar fáil sa Chaifé Liteartha sa Daingean.
Edel Ní Loibhéad




