Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh

Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh

8:37pm | Thu 17 Oct 2024

Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh       

Úrscéal a insíonn scéal an Chéad Chogadh Domhanda trí shúile fhear óg ó Ghaeltacht Chloich Chionnaola atá sa leabhar seo. Is spéisiúil an insint ar an gcogadh é trí shúile an fhir óig seo, gur mó a spéise sa gharraíodóireacht agus sa cheol ná mar atá sa chogaíocht. Is ráiteas in aghaidh na cogaíochta an t-úrscéal seo. 
 
Prós fileata atá i gceist tríd síos agus éascaíonn sé seo an léamh don léitheoir. Tógaimis mar shampla na línte seo:
“tuaim tréan na dtonn ag teacht i dtír”;
“aríst ar leac teallaigh an teaghlaigh”;
“thar thír tharnochta d’fheoil stiallta agus d’fhuil théachta”. 
Muna mbeadh a fhios agat gur file é an t-údar, luífeadh sé le réasún gur b’ea.
 
Chomh maith le scéal an chogaidh, insítear sa leabhar seo scéal an Teach Mór ón am san in Éirinn, agus an difir socheacnamaíoch a bhíodh ann idir na huaisle agus na gnáthdhaoine. 
 
Anuas air sin, faighimid léargas neamhchoitianta ar Chogadh na Saoirse, ón nduine a bhí ag troid fé bhrat na Breataine, rud nach bhfuil coitianta agus úrscéal á léamh as Gaelainn.
 
Tá éagsúlacht i ngach ghné den leabhar seo agus taitneoidh sé le héinne ar spéis leo scéalta staire.
Tá ‘Saighdiúir’ foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus é ar fáil ar-líne anseo  https://cic.ie/shop/books/fiction/saighdiuir/?lang=en nó ó An Caifé Liteartha sa Daingean.
Hannah Ní Chonghaile