
Scothscéalta – Pádraic Ó Conaire
1:03pm | Thu 23 May 2024
Is gearr go mbeidh céad bliain ann ó cailleadh Pádraic Ó Conaire sa bhliain 1928, agus sé seo an chéad uair agamsa cuid dá shaothair a léamh, agus caithfead a rá go mbaineas ana thaitneamh as gach ceann dos na scéalta seo.
Tá téamaí láidre léirithe ag Ó Conaire, mar shampla- éad, dúil sa rud ná cóir dúit a bheith agat, fadhbanna meabhairshláinte, tírghrá, agus an grá fhéinigh agus an slí a láimhseálann daoine é.
Na scéalta is ansa liom ón gcnuasach seo ná ‘Beirt Bhan Misniúil’, ‘An Bhean ar Leag Dia Lámh Uirthi’, ‘Nóra Mharcuis Big’, ‘Neill’ agus ‘An Bhean a Ciapadh’, is dóigh liom go dtaispeánann an liosta fada san cumas an údair, n’fhéadfainn liosta níos giorra ná san a thabhairt!
Tá na mná lárnach sna scéalta áirithe seo , agus cuimhnigh go bhfuil breis agus céad bliain ann ó scríobhadh iad, níl na téamaí imithe as dáta. An duine féinigh is tábhachtaí i ngach aon scéal, tréithe an duine, olc nó maith, agus beidh san suimúil i gcónaí.
Deich gcinn de ghearrscéalta atá sa chnuasach athfhoilsithe seo, agus tá saibhreas ar fáil i ngach ceann dos na scéalta sin.
Tá na scéalta ar fad aistrithe go Béarla ag Diarmaid de Faoite, agus an leagan béarla ar fáil i ndiaidh an bhunleagan gaolainne de gach scéal. Bheadh na leaganacha béarla ana áisiuil d’éinne ná beadh ró mhuiníneach ag tabhairt fé leabhar Gaeilge, agus go bhféadfaidís fiú cinntiú go raibh an tuiscint ceart bainte acu as na scéalta, agus iad ag dul ón nGaolainn go béarla agus iad ag léamh.
Murach an leagan nua don leabhar seo bheith foilsithe ag Arlen House, ní dóigh liom go gcuimhneoinn ar Scothscéalta a léamh in aon chor, agus bheinn níos boichte dá bharra.
Mholfainn d’éinne an leabhar seo a léamh, níl gaeilge casta dúshlánach i gceist, agus cuirfidh na scéalta ag cuimhneamh sibh ar feadh tamaill!
Edel Ní Loibhéad.
Tá Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire ar fáil sa Chaifé Liteartha sa Daingean




