Tairseach: Cnuasach nua filíochta Dairena Ní Chinnéide, á sheoladh ag Máirín Nic Eoin.

An áit idir eatarthu, an spás idirthréimhseach, an áit ina dtarlaíonn an t-athrú, idir an gortú agus an cneasú nó idir an cheist agus an fhreagra: is anseo a tharlaíonn an mhórchuid agus is ann a mhaireann na dánta sa chnuasach seo. Is am machnaimh é, am feithimh, áit a dtagann athrú crutha nó athrú meoin; is am nó áit é a mbíonn tú i lár rudaí ach nach mbaineann tú go hiomlán le ceachtar rud. Is é lár an scéil é, is claochlú é, is turas é.

Bígí linn ag an ócáid speisialta seo, go gcloisfidh sibh cur síos ó Dhairena ar a cnuasach nua agus ar shaol an fhile, agus í i mbun cainte leis an Ollamh Máirín Nic Eoin.

“Tá cothú anama ar fáil sna dánta seo do léitheoirí na Gaeilge agus, ní hé amháin go gcaitheann siad lóchrann solais agus tuisceana ar leochaileacht an duine, ach tugann siad aitheantas chomh maith don misneach agus don teacht aniar a thabharfaidh slán fós as gábha na huaire sinn.” An tOllamh Máirín Nic Eoin.

Dé Sathairn 12 Meitheamh 11am Cláraigh anois

Ceannaigh an leabhar

Leave a Comment