
Join Dingle Lit’s team of festival volunteers

Volunteers Needed
Calling all book lovers…
Dingle Lit is a volunteer-led organisation running an annual literary festival, with events in Irish and English, across the Dingle Peninsula.
Do you want to get involved, give something back to the community, meet new people and get to attend festival events for free?
We need help with:
Managing/running workshops
Author care/meet and greet
Admin support
Approaching businesses and individuals for sponsorship
Tech support for recording and live streaming
If you have skills in any of these areas and would like to get involved, helping a great team to make this friendly and fun festival happen, then get in touch via email on volunteers@dinglelit.ie or call Irene on 086 166 2562.
This year’s festival dates: 17th, 18th and 19th November 2023.
..Oibrithe Deonacha ag Teastáil
Sibhse a bhíonn sáite sna leabhair… Eagraíocht faoi stiúir oibrithe deonacha is ea Féile Liteartha Chorca Dhuibhne a reáchtálann féile liteartha bhliantúil agus imeachtaí mar chuid den bhféile sin i nGaolainn agus i mBéarla ar fud Chorca Dhuibhne.
An bhfuil tú ag iarraidh a bheith páirteach, seirbhís a thabhairt ar ais don bpobal, bualadh le daoine nua agus freastal ar imeachtaí na féile saor in aisce? Tá cabhair uainn leis na nithe seo:
- Ceardlanna a bhainistiú/a reáchtáil.
- Fáilte a chur roimh na húdair/aire a thabhairt dóibh.
- Tacaíocht riaracháin in oifig na féile.
- Urraíocht a iarraidh ar ghnólachtaí agus daoine aonair.
- Tacaíocht teicneolaíochta chun imeachtaí a thaifeadadh agus don mbeoshruthú.
- Cabhrú linn imeachtaí a reáchtáil ar dheireadh seachtaine na féile: na hionaid a shocrú, obair a dhéanamh in oifig na féile, ticéid a sheiceáil, ceisteanna ón lucht féachana a fhreagairt.
- Bileoga a chur amach in iarthar Chiarraí agus in áiteanna eile, póstaeir a chur in airde.
- Síob a thabhairt d’údair ó Thrá Lí agus ar ais, agus idir na hionaid.
Más rud é go bhfuil ceann ar bith de na scileanna seo agat agus gur mhaith leat a bheith páirteach agus cabhrú le foireann iontach chun an fhéile chairdiúil spraíúil seo a chur ag imeacht, cuir ríomhphost chuig volunteers@dinglelit.ie nó cuir glaoch ar Irene ar 086 166 2562.
Dátaí na féile i mbliana:
17, 18 agus 19 Samhain 2023.
Tuilleadh eolais: www.dinglelit.ie/volunteers
