Audience members in the Blasket Centre at Dingle Lit 2022

About

Sharing stories and connecting minds, allowing magic to blossom…

Each year Dingle Lit festival takes place in late November in the iconic surroundings of the Dingle Peninsula. The unique bilingual festival was conceived in 2019 with a twofold mission: to bring some of the best of contemporary writers in English to our local audience, and to celebrate the rich literary and cultural heritage of the area through an Irish language programme, as well as supporting new writing in Irish.

Among the guests in previous years, we have been delighted to welcome President Michael D Higgins, Claire Keegan, Gabriel Byrne, Sally Hayden, Fintan O’Toole, Emma Dabiri, Diarmaid Ferriter and many more.

Dingle Lit’s vision is of a festival where literature, language and landscape converge to create moments to share stories, to connect minds and allow magic to blossom.

It’s a place that sparks discussion, fosters innovation and collaboration in the arts and creates a multigenerational community of readers and writers in one of the most beautiful and remote parts of Ireland.

Scéalta á roinnt agus intinní á nascadh, rud a ligeann don draíocht bláthú…

Gach bliain, bíonn Féile Liteartha Chorca Dhuibhne ar siúl ag deireadh mhí na Samhna i gceantar cáiliúil Chorca Dhuibhne. Féile uathúil dhátheangach is ea í agus cuireadh tús léi in 2019 le dhá mhisean: cuid de scoth scríbhneoirí comhaimseartha an Bhéarla a thabhairt os comhair ár lucht féachana áitiúil, agus oidhreacht shaibhir liteartha agus chultúrtha an cheantair a cheiliúradh trí chlár Gaeilge a chur ar fáil, chomh maith le tacú le scríbhneoireacht nua sa Ghaeilge.

I measc na n-aíonna a bhí linn sna blianta roimhe seo, bhí sé de phribhléid againn fáilte a chur roimh an Uachtarán Michael D Higgins, Claire Keegan, Gabriel Byrne, Sally Hayden, Fintan O’Toole, Emma Dabiri, Diarmaid Ferriter agus go leor eile nach iad.

Is é an fhís atá ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne ná féile ina dtagann an litríocht, an teanga agus an tírdhreach le chéile chun deiseanna a chruthú chun scéalta a roinnt, chun intinní a nascadh agus chun bláthú na draíochta a spreagadh.

Is ócáid í a spreagann plé, a chothaíonn nuálaíocht agus comhoibriú sna healaíona. Anuas air sin, cuidíonn sé leis an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht a sheachadadh ó ghlúin go glúin i gceann de na háiteanna is áille agus is iargúlta in Éirinn.