FAQs
When and where is Dingle Lit 2023?
Dingle Lit 2023 takes place from 17-19 November this year, on the Dingle Peninsula in West Kerry. The main venues are An Díseart in Dingle town and The Blasket Centre in Dunquin.
When and where can I book tickets?
We begin announcing our programme of writing workshops in August and launch the full festival programme in September. You can purchase tickets through Eventbrite.
You can also purchase tickets from the festival box office in An Díseart over the festival weekend. We do not sell tickets on the door of individual events.
Will I be able to buy books at the festival?
Our partner, Dingle Bookshop, strives to stock as many works by the authors appearing at the festival as possible. They operate a pop-up bookshop at events, in the location where the author signing will take place.
Does Dingle Lit accept submissions?
While Dingle Lit does not have an open submissions process, we are open to proposals from writers, publicists, artists or organisations who may wish to propose an event, workshop or collaboration. We do most of the planning of the festival programme between December and June prior to the festival.
I would like to volunteer at the festival. How do I get involved?
We are an entirely volunteer-led festival and welcome volunteers both year-round and for the weekend of the festival.
We need help with:
- Managing/running workshops
- Author care/meet and greet
- Admin support
- Approaching businesses and individuals for sponsorship
- Tech support for recording and live streaming
If you have skills in any of these areas and would like to get involved, helping a great team to make this friendly and fun festival happen, then get in touch via email on volunteers@dinglelit.ie or call Irene on 086 166 2562.
How is the festival funded?
Dingle Lit strives to keep ticket prices as low as possible (and in some cases, to offer free events) to make literature as inclusive and accessible as possible. We rely on grant funding from a number of organisations, as well as corporate sponsors, local businesses and generous individuals. If you would like to become a sponsor or a Friend of the Festival, go to our Funders and Sponsors page for more information, or email info@dinglelit.ie.
I have a question that is not answered here. How can I get in touch?
Email us at info@dinglelit.ie with your query.
Ceisteanna Coitianta
Cathain a bheidh Féile Liteartha Chorca Dhuibhne ar siúl in 2023 agus cá mbeidh sí ar siúl?
Beidh Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, 2023 ar siúl ón 17-19 Samhain i mbliana, i gCorca Dhuibhne in Iarthar Chiarraí. Is iad An Díseart i mbaile Dhaingean Uí Chúis agus Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin na príomhionaid.
Cathain agus cén áit ar féidir liom ticéid a chur in áirithe?
Tosaímid ag fógairt chlár na gceardlanna scríbhneoireachta i mí Lúnasa agus seolfar clár iomlán na féile i mí Mheán Fómhair. Is féidir ticéid a cheannach trí Eventbrite.
Is féidir ticéid a cheannach ó oifig ticéad na féile sa Díseart thar dheireadh seachtaine na féile. Ní dhíolaimid ticéid ag an doras ag na himeachtaí iad féin.
An mbeidh mé in ann leabhair a cheannach ag an bhféile?
Tá ár gcomhpháirtí, Dingle Bookshop ag iarraidh an oiread saothar leis na húdair atá le feiceáil ag an bhféile a bheith ar fáil agus is féidir. Beidh siopa leabhar ‘pop-up’ acu ag imeachtaí, san áit a mbeidh na húdair ag síniú leabhar.
An nglacann Féile Liteartha Chorca Dhuibhne le tograí?
Cé nach bhfuil próiseas oscailte tograí ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, táimid oscailte do mholtaí ó scríbhneoirí, poiblitheoirí, ealaíontóirí nó eagraíochtaí ar mian leo imeacht, ceardlann nó comhoibriú a mholadh. Déanaimid an chuid is mó den phleanáil do chlár na féile idir Nollaig agus Meitheamh roimh an bhféile.
Ba mhaith liom obair dheonach a dhéanamh ag an bhféile. Conas is féidir liom a bheith páirteach?
Is féile sinn a bhraitheann go huile is go hiomlán ar obair dheonach. Cuirimid fáilte roimh oibrithe deonacha ó cheann ceann na bliana agus do dheireadh seachtaine na féile féin.
Tá cabhair uainn leis na nithe seo:
- Ceardlanna a bhainistiú/a reáchtáil.
- Fáilte a chur roimh na húdair/aire a thabhairt dóibh.
- Tacaíocht riaracháin
- Urraíocht a iarraidh ar ghnólachtaí agus ar dhaoine aonair.
- Tacaíocht teicneolaíochta chun imeachtaí a thaifeadadh agus don bheoshruthú.
Más rud é go bhfuil ceann ar bith de na scileanna seo agat agus gur mhaith leat a bheith páirteach agus cabhrú le foireann iontach chun an fhéile chairdiúil spraíúil seo a chur ag imeacht, cuir ríomhphost chuig volunteers@dinglelit.ie nó cuir glaoch ar Irene ar 086 166 2562.
Conas a mhaoinítear an fhéile?
Déanann Féile Liteartha Chorca Dhuibhne a dícheall praghas na dticéad a choimeád chomh híseal agus is féidir (agus i gcásanna áirithe, imeachtaí saor in aisce a chur ar fáil) chun an litríocht a bheith oscailte do chách. Táimid ag brath ar mhaoiniú deontais ó roinnt eagraíochtaí, chomh maith le hurraitheoirí corparáideacha, gnólachtaí áitiúla agus daoine flaithiúla. Más mian leat a bheith i d’urraitheoir nó mar Chara na Féile, téigh chuig ár leathanach Maoinitheoirí agus Urraitheoirí le haghaidh tuilleadh eolais, nó seol ríomhphost chuig info@dinglelit.ie.
Tá ceist agam nach bhfuil freagartha anseo. Conas is féidir liomsa a bheith páirteach?
Seol ríomhphost chugainn ag info@dinglelit.ie le do cheist.