Accessibility

At Dingle Literary Festival, we are committed to promoting and fostering an environment that is inclusive, diverse, and equitable for all participants, guests, and attendees. We are dedicated to ensuring that all individuals, regardless of their background, feel welcome, valued, and respected within our festival’s space.

Dingle Lit is keen to make its events as accessible as possible for all visitors, however we are a small festival and may not always have the means to do so. If you are attending an event and have any queries about accessibility, or special requirements, please email us at info@dinglelit.ie and we will do our best to accommodate you.

Venues

An Díseart

An Díseart is in the centre of Dingle town, on a hilly street. Disabled parking spaces are available on the street and in the parking lot near the venue. The main front entrance is accessible by ramp and there is a lift to upper floors. There is a ground floor bathroom, but it may not be accessible for wide wheelchairs.

The Blasket Centre

The Blasket Centre is an OPW building located in Dunquin. Full wheelchair access is possible, and there is designated car parking available. Special needs toilet facilities are also present in the building.

The Skellig Hotel

The Skellig Hotel hosts our opening ceremony on the Friday evening in the Skellig Suite ballroom, and some workshops in the boardroom. Dingle Skellig Hotel is committed to providing accessible services and has guest rooms which are mobility friendly. The dining room, residents’ lounge, Skellig Suite and bar are all on ground floor level without any steps and are easily navigated.

Dingle Hub

Writing workshops take place in meeting rooms at Dingle Hub co-working space. There is ample parking outside and one designated wheelchair parking space. There is a step up to enter the main doorway, to access the Cúilín meeting room. To access the Eask meeting room at the back of the building there are steps and a ramp. The toilets are not accessible to wide wheelchairs.

Dingle Bookshop

Dingle Bookshop is located on Green St and is a small venue, with limited aisle space. There is street parking across the road from the bookshop.

_________________________________________________________________

INROCHTAINEACHT

Ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, bímid ar ár ndícheall timpeallacht a chur chun cinn agus a chothú atá cuimsitheach, a chuireann fáilte roimh dhaoine ó chúlraí éagsúla agus atá cothrom do gach duine de na rannpháirtithe, na haíonna agus den lucht freastail. Táimid tiomanta a chinntiú go mbraitheann gach duine, beag beann ar a gcúlra, fáilte agus meas laistigh de spás na féile.

Tá fonn ar Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne a chuid imeachtaí a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir do gach cuairteoir, ach is féile bheag sinn agus b’fhéidir nach mbeidh sé d’acmhainn againn i gcónaí é sin a dhéanamh. Má tá tú ag freastal ar imeacht agus má tá aon cheist agat faoi inrochtaineacht, nó riachtanais speisialta, seol ríomhphost chugainn ag info@dinglelit.ie agus déanfaimid ár ndícheall freastal ort.

Ionaid

An Díseart

Tá An Díseart i lár bhaile Dhaingean Uí Chúis ar shráid chnocach. Tá spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil ar an tsráid agus sa charrchlós in aice leis an ionad. Tá rampa ag an bpríomhdhoras tosaigh agus tá ardaitheoir go dtí na hurláir uachtaracha. Tá leithreas ar urlár na talún ann, ach b’fhéidir nach mbeidh cathaoireacha rothaí atá leathan in ann dul isteach ann.

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Is foirgneamh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí é Ionad an Bhlascaoid Mhóir atá suite i nDún Chaoin. Is féidir rochtain iomlán a fháil ar an ionad ar chathaoireacha rothaí, agus tá spásanna ar leith don pháirceáil inrochtana ar fáil. Tá áiseanna leithris dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu san fhoirgneamh freisin.

Óstán na Sceilge

Reáchtálann Óstán na Sceilge searmanas oscailte na Féile tráthnóna Dé hAoine i mbálseomra Svuít na Sceilge. Chomh maith leis sin, beidh roinnt ceardlanna ar siúl sa seomra boird le linn na féile. Tá Óstán na Sceilge, Daingean Uí Chúis, tiomanta do sheirbhísí inrochtana a chur ar fáil agus tá seomraí aíochta ann atá ar a leas siúd a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta acu. Tá an seomra bia, tolglann na n-áitritheoirí, Svuít na Sceilge agus an beár ar fad ar leibhéal na talún gan aon chéimeanna agus is furasta do bhealach a dhéanamh eatarthu.

Mol Chorca Dhuibhne

Beidh ceardlanna scríbhneoireachta ar siúl i seomraí cruinnithe i spás comhoibre Mhol Chorca Dhuibhne. Tá neart páirceála lasmuigh agus spás páirceála ar leith amháin do chathaoireacha rothaí. Tá céim suas le dul isteach sa phríomhdhoras, chun dul isteach i seomra cruinnithe an Chúilín. Chun rochtain a fháil ar sheomra cruinnithe Eask ar chúl an fhoirgnimh tá céimeanna agus rampa ann. Níl na leithris inrochtana do chathaoireacha rothaí leathana.

Dingle Bookshop

Tá Dingle Bookshop suite ar Shráid an Doirín agus is ionad beag é, le spás teoranta sna pasáistí. Tá spásanna páirceála ar an tsráid trasna an bhóthair ón siopa leabhar.