‘Cúlú’ le Gearóidín Nic Cárthaigh
Deireadh seachtaine fada ab ea é – an ceann i mí Lúnasa – agus bheartaíomar ar dhul siar go Corca Dhuibhne. Mé fhéin, Bairbre is Clíodhna – na triúr deirféaracha, mar a thugaimíst orainn féin, cé nach raibh oiread is ioscad gaoil eadrainn. Bhí tigh saoire ag muintir Chlíodhna in aice le Tráigh an Fhíona, tigh fairsing, compordach, agus é folamh, réidh is ag feitheamh linne.
D’fhágamar cathair Chorcaí aimsir lóin Dé hAoine, Bairbre ag tiomáint, an bheirt eile againn mar phaisnéirí, lán de theaspach. Ghiorraíomar an bóthar tré scéalta a insint fé thurasanna eile go dtí an áit thiar.
“An cuimhin libh an uair dhéanach, go rabhamar sa chlub oíche—,”arsa Clíodhna ón suíochán tosaigh, a cuid ingne á bpéinteáil aici. Bhíomar ag taisteal go mall taobh thiar de tharracóir.
Labhraíos ón suíochán cúil. “An cuimhin linn? Ad iarraidh dearúd a dhéanamh air atáimid. Dhá bhliain ó shin ab ea é, nach ea?”
“’Sea. N’fheadar an raibh na leaideanna sin tar éis dul fé lámh easpaig fiú amháin?” arsa Clíodhna.
“N’fheadar cén lámh go rabhadar dulta fé ach chaitheamar-na teitheadh ar aon nós,” arsa Bairbre, a méaracha á mbualadh ar an roth stiúrtha aici.
Thógamar nóiméad chun cuimhneamh siar ar an dtráma.
“Is an tsiúlóid síos fén mbaile,” arsa Clíodhna, í ag séideadh ar na hingne anois.
“Is nuair a dúirt an leaid sin, ‘Á, bhíobhair ró-chríonna’ – ní raibh tógáil ár gcinn in aon chor againn ina dhiaidh sin,” arsa mise.
– Conas ’tá ag éirí libh?
In ainm Chroim, ní raibh an teorainn idir Chorcaigh is Ciarraí bainte amach againn is bhí sé ar an aer.
– Go breá. Fós ar an mbóthar.
Chaitheas an fón uaim.
Ba ghearr gur bhaineamar Cill Áirne amach, agus cheapamar gur dheas linn sos a ghlacadh ar feadh fiche nóiméad i gceann dosna hóstáin ghalánta sin ar imeall an bhaile. D’ordaigh Bairbre tae dúinn sa bheár, is shuíomar síos chun ár suaimhneas a cheapadh. Bhí na cailíní ag féachaint go maith – dath rua curtha ag Bairbre ina cuid gruaige agus loinnir uirthi, gealáin i ngruaig Chlíodhna. Bhí fuath agam dom cheann catach féin, a bhí ar dhath na luchóige, agus i gcónaí ag imeacht ó smacht.
Tháinig an freastalaí leis an dtae is le gréithre poircealláin. Cailín óg a bhí inti, is bhí tatú beag le feiscint os cionn a rúitín; ceann neamhchoitianta – crann na beatha – is na préamhacha ag dul isteach i gcnámh a rúitín. D’iarramar ar Chlíodhna bheith mar Hyacinth is an tae a dhoirteadh amach.
“Mar sin, cad é an plean, a chailíní?” arsa mise.
“Bhuel, is dócha, stopadh sa Daingean le haghaidh grócaeirí—,” arsa Clíodhna.
“Is fíon,” arsa Bairbre.
“Is fíon. Neadú isteach sa tigh anocht, is dul amach oíche amárach?” arsa mise.
“Sin é,” arsa Bairbre.
“Tá sé socraite, mar sin,” arsa Clíodhna.
Chríochnaíomar ár gcuid tae is bhuaileamar bóthar aríst. Sheiceálas mo ghuthán ach ní raibh faic eile tagtha tríd.
*
Níor bhréag a rá nach raibh éinne den dtriúr againn róthógtha leis an gcócaireacht. Ní bhímíst ag malartú oideasaí, ná ag dul i gcomórtas lena chéile mar gheall ar ár gcuid cístí seacláide déanta ag baile. Bheartaíomar, dá réir sin, go gceannóimíst ábhar tapas in ollmhargadh an Daingin, rud a dheineamar go tapaidh, sinn ag déanamh sciob sceab ar na hearraí a bhí uainn. Ar shroichint an tí dúinn, leag Bairbre an bia amach ar bhord íseal an tseomra suite – ológa gur baineadh na clocha astu, cáis chaorach, chorizo, trátaí griantriomaithe, baguettes, is neart Chardonnay. Shuíomar ar an dtolg dearg leathair, is thosnaigh ar an mbéile. Ligeas do shuaimhneas speisialta na háite dul i bhfeidhm orm, corrshúmóg á baint agam as mo ghloine, mé á thógaint go bog, idir ithe is ól. Bhí cabaireacht ar siúl ag Bairbre is ag Clíodhna fésna na laethanta a bhí caite againn i dteannta a chéile sa choláiste.
“An cuimhin libh nuair a scuabaimíst tríd an gceaintín gach aon lá chun radharc a fháil ar fhear Mhaigh Eo?” arsa Bairbre, an rógaireacht ina súile.
“Á, fear Mhaigh Eo. Ag cur maoithneachais orm atánn tú anois,” arsa Clíodhna. Ba mhór an caitheamh a bhí aici ina dhiaidh an uair sin. Bhímíst clipthe aici.
Dhoirt Bairbre tuilleadh fíona amach dom. “Is cad fé Phádraig álainn agatsa?”
Bhí fhios agam go maith go rabhadar chun mé a chur fé agallamh. “Tá Pádraig go breá,” arsa mise, mo ghloine á leagan agam ar an mbord.
“Cén saghas é?” arsa Clíodhna, a cuaráin á mbaint aici di is a cosa fada á síneadh amach.
Ní raibh fhios agam cad a déarfainn leo. “Bhuel, tá sé scamhaite chun spóirt,” arsa mise.
Dhein Bairbre gnúsacht. “Oirfidh sé sin go breá duitse.”
“Oirfidh, go deimhin,” arsa mise. “Nach féidir leis dul chuig cluichí lena chairde is beidh am agam dom fhéin.”
Chroith Bairbre a ceann. “Sin rómánsaíocht duit,” ar sise.
Dheineadar a thuilleadh fiosraithe i gcaitheamh na hoíche, iad ad iarraidh mé a chaochadh le hól, ach húm ná hám ní dúrt leo.
*
An lá dár gcionn, thugamar aghaidh ar chaifé beag bídeach ar Cheann Shléibhe. Bhí seans linn bord a fháil, mar bhí an áit plódaithe, ach shuíomar, is bhí císte úll againn is caifé, an císte díreach tagtha ón oigheann. Radharc gléineach againn ar an bhfarraige tríd an bhfuinneoigín, an t-aer deas fionnuar laistigh, cé go raibh an ghrian ag scoilteach na gcloch lasmuigh. Francaigh is Gearmánaigh taobh linn, is iad ag déanamh iontais don áit, fé mar a bhíomar-na, in ainneoin a mhinice is a théimíst ann.
Bhí an fón curtha ar an mód creatha agam ach bhraitheas ag imeacht é istigh im mhála. Níor thugas aon toradh air.
“Cad fé scuaird a thabhairt timpeall na leithnise?” arsa Clíodhna.
“Bhuel, tá córas aontreo ann, ar feadh m’eolais,” arsa mise.
“Dhera, d’fhéadfaimíst dul sa tseans,” arsa Clíodhna. “Níl an bóthar chomh cúng sin.”
“N’fheadar,” arsa mise.
“Eist, beimid go breá. Téanam,” arsa Bairbre. Sheas sí is fuadar fúithi.
D’íocamar as ár gcuid. Bhí suíochán an ghluaisteáin te, dearg fém thóin. Ach, níos measa ná san, bhraitheas im chroí istigh nach rithfeadh linn.
Thiomáin Bairbre go mall, an chuid is mó den dtrácht ag teacht inár gcoinnibh, gluaisteán amháin eile inár ndiaidh. Bhí go maith go dtí gur shroicheamar an cúinne, ach cad a thiocfadh timpeall air ná veain champála. Ansan bhí an fhaill ar chlé is an veain ar dheis, is gan leath-orlach le spáráil ar aon taobh dúinn.
“’Íosa Críost,” arsa mise, fém anáil.
“Caithfidh tú cúlú, a Bhairbre,” arsa Clíodhna go réchúiseach.
“Nach bhfeiceann tú go bhfuil cairt eile taobh thiar dúinn,” arsa Bairbre.
Chasas mo cheann timpeall. “Tá mo dhuine ag baiceáil anois.”
“Mo mhallacht air, níl aon mhaitheas ionam ag cúlú,” arsa Bairbre.
“Caithfidh tú triail a bhaint as, a Bhairbre, nó beimid anso go hoíche,” arsa Clíodhna.
Thosnaigh Bairbre ag baiceáil, ach leis sin, chualamar scread ón veain. “Oh la la.”
“Damnú air!” arsa Bairbre.
Bhíomar tagtha as an tsáinn, ach bhí scríob breá ar chliathán na veain. Chaith Bairbre is an tiománaí eile sonraí teagmhála a mhalartú. Francach ab ea é, dath na gréine is pus air.
Dheineamar ár slí as an mbearna baoil ar deireadh is ligeas osna faoisimh.
Níor fhreagair Bairbre. Thosnaigh Clíodhna ag siansán ós íseal. D’fhéachas ar an bhfón.
– Cad tá ar siúl agaibh inniu?
– Sinn ar Cheann Sléibhe. An uain go hálainn.
Chaitheas an guthán thar n-ais im mhála.
*
An oíche úd, fuaireamar tacsaí isteach ’on Daingean, is shocraíomar síos i dtábhairne le ceol traidisiúnta. Bhí Bairbre ar vodca is cóc, is níor chuir san lena giúmar. Bhí Clíodhna ar GnT, í ag ligint uirthi nach raibh aon ní bun ós cionn. Is bhí mise ar fhíon geal, is mé ag sú isteach an droch-atmaisféir. De réir is a bhí an seisiún ceoil ag teacht go dtína bhuaic, an fhidil is an consairtín ag seimint astu féin, fé mar a cheapfá, tháinig leaid anall chúinn is thosnaigh ag cur cainte ar Chlíodhna. Bhí an braon dulta go maith fén bhfiacal aige, is ní raibh Clíodhna ag tabhairt aon spreagadh dó.
“Canathaobh nach dtiocfá liom,” ar seisean, “tá carbhán gan fhuinneog agam thiar ar an bhFeothanaigh.”
“Sin cuireadh,” arsa Bairbre féna hanáil.
“Sin cuireadh ceart,” arsa mise.
Is nuair a bhí Clíodhna tar éis an ruaig a chur air, phléascamar triúr amach ag gáire. An teannas briste.
Ach fé mar a bheadh an nimh ar an aithne, cé a thiocfadh an doras isteach ag an nóiméad sin ach lucht na veain. Áit bheag, gan aon bhealach éalaithe againn, bhíomar teanntaithe. Shiúil an lánú inár dtreo. Dúradar nár mhó ná sásta a bhíodar sinn a fheiscint ag gáire is ag pleidhcíocht, is marc gránna ar an veain álainn acu. Sheas Bairbre, ghaibh sí leathscéal leo aríst is dhein iarracht ar dheoch a sheasamh dóibh. Dúirt na Francaigh go mb’fhearr leo gan fanacht, is shiúladar amach an doras aríst is muc ar gach mala acu. Fuaireamar tacsaí thar n-ais ‘on dtigh. Níor bhacamar leis an gclub oíche, níor ghá dom a rá.
Gan dabht, bhí téacs eile tagtha uaidh féin fén am gur bhaineamar an tigh amach.
– Ba dheas liom glaoch ort.
– Déanfad fón ort maidin amárach. Mé tuirseach anois.
– Bhfuil sibh fós amuigh?
– Níl. Thángamar abhaile i ndiaidh an tábhairne.
*
Dhúisíos go moch mar gheall ar an dteas an mhaidin dár gcionn. Chuireas mo chuid éadaigh orm gan ghíocs ná míocs asam. Bhí fhios agam go gcodlódh an bheirt eile go headartha. Chuas ar mo bharraicíní síos an staighre adhmaid is dheineas caifé sa chistin bheag. Thug boladh an chaifé misneach dom. Chuireas torthaí gearrtha is iógart i mbabhla is d’ólas gloine uisce siar sular thosnaíos ar mo bhricfeasta i gceart. Chabhródh an t-uisce leis an dtinneas óil.
Bhíos tar éis bualadh le Pádraig ar dtúis lasmuigh de thábhairne ar Shráid Oilibhéir Pluincéid dhá mhí ó shin. Bhí an bheirt againn ag caitheamh an oíche úd, ach gan suim cheart ag aon duine againn sna toitíní céanna. Ach chuir seisean spéis ionamsa. Fear séimh ab ea é. Shamhlaíos in oifig éigin é, i mbun riaracháin, ag cur ticeanna i mboscaí. Is bhí an ceart agam. Ach bhí sé ard, scafánta, leis. Ní fhéadfá gan ceann a thógaint dó. Chuir sé caint orm, é ag míniú gur ón Ardchathair é, is cheistigh sé me fésna tábhairní ab fhearr i gCorcaigh. Tháinig cor im mhuineál agam ó bheith ag féachaint suas air. D’iarr sé m-uimhir orm, is thugas dó í, is níorbh fhada go rabhamar ag tabhairt cuairte ar a chéile, mise ag dul suas ar an dtraein ag an ndeireadh seachtaine, nó eisean ag tiomáint anuas an chéad bhabhta eile.
Thóg sé mé go dtí áiteanna cois farraige – Binn Éadair, Dún Laoghaire, Bré, is bhíodh siúlóidí againn, a lámh thart ar mo lámh-sa, boladh na farraige inár bpolláirí. Chímíst seanalánúintí amuigh ag spaisteoireacht is déarfadh sé i gcónaí gur dheas leis a leithéid a fheiscint. B’fhéidir go raibh pósadh fada á shamhlú aige le gach lánú acu? Thóg mise go dtíosna láithreacha turaseoireachta é – Seanaphríosún Chorcaí, Malartán an Ime. I bpictiúr amháin sa taispeántas agus sinn sa Mhalartán, bhí bosca mór ime is leanbh ina sheasamh istigh ann fé mar a bheadh sé i gcruib shúgartha, is dhein Pádraig iontas dó. Chuir nithe mar sin míshuaimhneas orm.
Oíche dosna hoícheanta chuamar chun béile go bialann ar Shráid Washington. Bhí ana-chuid feola ar an mbiachlár. Roghnaíos sicín le hanlann muisiriún is bhí stéig le hanlann piobair aige sin. Bia mótúil a bhí ann; ní raibh taithí agamsa ar a leithéid. Bhí sé i ndiaidh a naoi nuair a chuamar ann, is bhí an áit réasúnta ciúin, is cuireadh inár suí sinn in airde staighre. Cé nach raibh a lán cuistiméirí eile ann, ní mór an tslí a bhí againn, is bhraitheas a chos ag cuimilt lem chos-sa thíos fén mbord. Bhí draíocht san aer. Agus an greim déanach don bpríomhchúrsa á ithe againn, bhuail a ghuthán. A mháthair. Chuir sé strainc air fhéin, is dhein a leithscéal, ach chaithfeadh sé glacadh leis an nglaoch. Ní rabhas tar éis bualadh lena mháthair riamh, ach thréaslaíos a cuid time-eála léi im intinn istigh. Síos an staighre le Pádraig.
Tháinig an freastalaí anonn chúm, is ghlan na plátaí don mbord. Spáinneach a bhí ann – d’aithneofá an méid sin ar a thuin chainte. Tháinig sé thar n-ais aríst le biachlár na milseog, is d’fhiafraíos dó cé acu ab fhearr, mar bhí fhios agam go raibh dúil ag Pádraig i nithe milse. Thosnaigh sé ag moladh an tirimasu go crannaibh na gréine, é ag cur síos ar an tslí go gcuirtear an císte spúinse ar maos i gcaifé… Is bhí a chraiceann buí is a bhróga dubha snasta á thabhairt fé ndeara agam feadh an ama. Leis sin, d’fhill Pádraig, is thug féachaint ar fhear na Spáinne is féachaint ormsa nach raibh aon léamh air.
*
B’é seo an chéad deireadh seachtaine nár bhuail mé fhéin is Pádraig lena chéile, mar bhí an turas seo go Corca Dhuibhne eagraithe agam leis na cailíní le tamall fada. Bhíos buíoch don sos. Ba léir nárbh amhlaidh dó san. Chríochnaíos mo chaifé is mo bhricfeasta is bheartaíos ar dhul go Tráigh an Fhíona. Maidin bhreá ab ea í, spéir ghlan, is gan puth gaoithe ann lasmuigh don dtigh, cé gurbh eol dom go mbeadh leoithne ón bhfarraige ar an dtráigh. A leithéid de lá saoire bainc.
Bháineas an tráigh amach, is bhí daoine ann cheana, tuismitheoirí agus tachrán, an fear beag ag tochailt sa ghaineamh le sluasaid ghorm phlaisteach. Is doimhin é poll an amhrais, a Phádraig. An amhaidh go gceapann tú go raghad le fear eile thíos anso? Chaithfinn labhairt leis, is chaithfinn bheith tomhaiste. D’fhéachas ar an bhfarraige, fé mar a bheadh ionsparáid ar fáil inti thíos ina grinneall. Bhí tonntracha á mbriseadh le fórsa ar an ngaineamh, is an ghaoth ag sioscarnach léi thuas sna dumhcha. Thógas an fón amach as mo phóca is bhrús ar a ainm.
*
Ar mo shiúlóid thar n-ais ’on dtigh dom, bhí scóip cheart orm, is tuigeadh dom gurbh é an chéad uair agam é le roinnt míonna anuas. Bhí an feileastram dearg fé bhláth sna clathacha ar dhá thaobh an bhóthair, é ag pléascadh le lúchair, ba dhóigh leat. Shroicheas an tigh, is bhí gleo is caint ag teacht ón seomra suite. Bhí mo chuid deirféaracha ina suí. Bhainfimíst súp as an gcuid dhéanach don ndeireadh seachtaine. Bhí an brothall ag imeacht, is báisteach bhog, mhilis ag teacht ina inead.
Tá Gearóidín Nic Cárthaigh ag cur fúithi in Iarthar Chorcaí. Scríobhann sí splancscéalta, gearrscéalta agus dánta. Tá saothar dá cuid foilsithe in irisí éagsúla. Tá a cnuasach splancscéalta Geansaithe Móra foilsithe ag LeabhairCOMHAR, agus roghnaíodh é mar Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana ag gradaim An Post 2024.




