Irish Committee
Coiste Gaeilge
Edel Ní Loibhéad
Pádraig Ó hAiniféin
Is mac léinn ollscoile i gColáiste na hOllscoile Corcaigh é Pádraig Ó hAiniféin atá ag tabhairt faoi chéim sa Ghaelainn agus an Fhraincis. Is as Lios Deargáin i Lios Póil dó agus ta sé ar an nduine is óige ar an bhfo-choiste. Thug sé ceithre shamhradh ag obair sa Chafé Liteartha, áit ar mhúsclaíodh a shuim i litríocht na Gaelainne.
Clodagh Ní Fhlatharta
Is as ceantar Cois Farraige i gConamara do Chlodagh ó dhúchas ach tá dlúthcheangal aici leis an gceantar seo, Dún Chaoin go háirithe mar gur tháinig seantuismitheoirí leí agus a mhuintir roimhe san ón mBlascaod Mór. Tá cónaí uirthí sa dúthaigh seo le blianta fada anuas. Is múinteoir bunscoile í a bhfuil cúlra agus cáilíochtaí aici sa Bhéaloideas agus cúrsaí Oidhreachta, Cultúir agus Gaelainna. Tá na blianta caite aici ag obair le leabhair anseo agus i nGaillimh agus tá suim mhór aici i gcúrsaí liteartha agus litríocht i gconaí.
Aoife O Connor
Oibríonn Aoife mar aturnae sa Daingean. Bhog sí abhaile ó Bhaile Átha Cliath le déanaí chun cabhrú le cleachtadh an teaghlaigh a reáchtáil. Tá céim sa dlí agus sa Ghaeilge ag Aoife agus tá dúil mhór aici sa léitheoireacht. Tá sí ina rúnaí cuideachta don Daingean Lit.
Siobhán Prendergast Uí She
Tá Máistreacht i bhFoilsitheoireacht ag Siobhán agus tá sí ag obair le nachmór tríocha bliain i bhfoilsitheoireacht, ar dtús do Harvill Press i Londain agus ansin le Foilsitheoir Sliabh an Fholair (Brandon Books) sa Daingean. I 2014 thosnaigh sí a comhlacht fhéin i mBaile an Fheirtéaraigh, Seirbhísí Foilsitheoireachta an Daingin, ag cabhrú le scríbhneoirí atá ag foilsiú leabhar iad féin agus ag tabhairt seirbhísí proifisiúnta foilsitheoireachta do fhoilsitheoirí. Is eagarthóir gairmiúil í le AFEPI agus CIEP. Bíonn Siobhán ag obair do Arás na Scríbhneoirí ag tabhairt ceardlanna foilsitheoireachta. Tá suim ollmhór ag Siobhán sa litríocht agus tá sí lán sáite i saol saibhir chultúrtha Chorcha Dhuibhne.
Jamie Ó Flannúra
Is láithreoir, iriseoir agus tuairisceoir é Jamie Ó Flannúra le Cúla 4 agus is as Daingean Uí Chúis dó. Is múinteoir bunscoile é, tá ana shuim aige sa litríocht agus an Ghaolainn agus tá sé sáite sa phobal i gCorca Dhuibhne. Bíonn Jamie bainteach leis na féilte difriúla a tharlaíonn sa leithinis agus tá an baint aige le cursaí turasóireachta chomh maith.




