‘Ná hAbair Faic le Maim!’ le Liam Mac Peaircín
“Beimid DÉANACH! Daid! Gheall tú dom! ‘Ó sea, cinnte, beimid in am, fág fúm é!’ An bladar céanna i gcónaí. Cacamas. Bheadh tiománaí barra rotha níos tapúla! ‘Beimid in am,’ Beimid in am MO THÓIN!”
“Áine, cén sórt teanga é sin? Seachain do chuid cainte, maith an cailín.”
“Mo chuid cainte? Mo chuid cainte, an ea? Sin í an chloch is mó ar do phaidrín, is dócha. Mo theanga. Tá sé seo DO-CHREIDTE. Cén aois mé, a dó dhéag?”
Phlab sí a leabhar Gearmáinise a bhí ar a glúin aici d’ollphléacs agus chaith a cuid gruaige siar.
“UH!”
Bhí sí thar a bheith tuisceanach go dtí seo ach bhí deireadh na foighne caite aici anois leis. Ní raibh le déanamh aige ach an tigh a fhágaint in am. An raibh sé iomarcach é sin a lorg? Ní dóigh liom é! Ní raibh le déanamh aige ach an tae sin a shlogadh siar, nó níos fearr fós, a thabhairt leis. An raibh sé iomarcach é sin a lorg? Ní dóigh liom é! Agus na heochracha! Cá raibh na diabhal eochracha? Ar an mbord sa halla? Ní raibh. Ar an gcrúca d’eochracha? Ní raibh. Ar bhord na cistine? Ní raibh a rian. Ar an mantal? Ní raibh ná a lorg.
Chuardaíodar araon an t-árasán ó bhun go barr – an chistin, an seomra suite agus gach aon diabhal seomra eile faoi fhrathacha ach ní raibh tásc orthu. B’éigean di féin an leithreas a chuardach, rud a chuir a thuilleadh masmais uirthi. Shamhlófá nach mbeadh sé éasca aon rud a chailliúint in árasán dhá sheomra.
Ní tharlódh seo i dtigh Mhaim, gan amhras. Ní bheadh cead isteach thar tairseach agat gan gach eochair id sheilbh a thréigint i bpróca ar leith leis na focail ‘EOCHRACHA’ greanta ar an bpotaireacht. Beag an baol. Agus do bhróga a bhaint laistigh den doras. Cé a chreidfeadh é, ach go rabhadar, na heochracha diamhra sin, slán sábháilte INA PHÓCA FÉIN an t-am go léir!
“Ná bíodh aon chorrabhuais ort, a Áine, geallaim duit go mbeimid in am.”
“Bhuel, níl ann ach m’Ardteist, a Dhaid, lomscrúdú, cloch mhíle bheag bhídeach i saol duine. Ní hamhlaidh go bhfuil gach aon rud ag brath ar an scrúdú seo. Pointí CAO, cúrsa ollscoile, post, gairm, agus saol iomlán, MO SHAOL romham. Is liomsa an saol seo, muna miste leat. Más cuma leatsa, ní cuma liomsa. CAITHFIDH MÉ A BHEITH IN AM!”
“Agus beidh. Tá breis agus ár ndóthain ama againn, ná bí buartha. Ní thosnóidh an scrúdú go dtí leath uair tar éis a naoi.”
Deich chun a naoi; an t-am ba mheasa ar fad. Bhí an scoil cóngarach, ach bhí gach bóthar ina thranglam. Ar aghaidh leo go mall, go han-mhall. Bhí na seilidí eile mórthimpeall orthu, cluas le nuacht an raidió, cluas le guthán, súil ag faire ar a chéile, ach tabhair buille faoi thuairim cé aici a raibh scrúdú trí uair a chloig aici sa Ghearmáinis. 30 nóiméad fágtha. You know what ag tosnú i gceann leathuaire.
Ba chosúil nár thuig sé a géarchéim.
“Daid, tá deireadh linn. Níl seans in ifreann againn a bheith ann in am. An duine deiridh isteach an doras. Agus an staidéar go léir a rinneas i rith na bliana! Ag éisteacht le Gearmáinis ar youtube, ag éisteacht le Deutche Welle beo ar an idirlíon. Ag éisteacht le … An bhféadfainn a thuilleadh a dhéanamh? Ní fhéadfainn. Ba í an Ghearmáinis an t-ábhar is fearr a bhí agam. Bhíos ag tnúth le H3 ar a laghad ann. Sin deireadh le sin. Sin deireadh le Teangacha in Ollscoil Luimnigh. Imithe mar leá chúr na habhann!”
Chrom sí a ceann, na deora lán de shalann ar a leiceann.
“Ná habair é sin, a chroí. Nár thugas m’fhocal duit?”
Níorbh aon sólás a gheallúint di ar maidin.
Anois, dá mba mhatamaitic an t-ábhar a bhí idir dhá cheann na meá, caolseans go mbeidís déanach. Cé mhéad uair a mhaígh sé go ndearna sé ardleibhéal iontu lena linn féin?
“Bhí cúrsaí maithe ann an t-am sin. Ní hionann A agus an córas lochtach atá ann anois.”
Bhí sí féin cortha de bheith ag éisteacht faoi ailgéabar, chodáin agus dheachúlacha.
“Ní dhearna an cheardscoil aon dochar domsa,” a chan sé go minic, “cé eile sa rang sin atá ina, gabh mo leithscéal, phríomhinnealtóir anois?”
Ba chuma léi. Ba chuma sa tsioc léi. Níor tháinig geoiméadracht idir í agus codladh na hoíche riamh. Ach Gearmáinis – b’shin scéal eile. Ní mar a deirtear atá an t-ábhar sin i Scoil Chaitlín Naofa.
Is breá le hIníon Ní Mhainnín Nicola, an Nicola chéanna a fuair 95% sa chluastuiscint sna bréagsrúduithe. Ach ní breá le hIníon Ní Mhainnín tú nuair nach n-éiríonn go maith leat sna scrúduithe um Nollaig. Ní breá le hIníon Ní Mhainnín tú nuair a bhíonn tú as láthair le tinneas cinn, agus anuas ar sin, ní breá le hIníon Ní Mhainnín tú nuair nach bhfaigheann tú ach pas ar éigean sna scrúduithe lártéarma.
Agus cá mbeadh Iníon Uí Mhainnín gan Phádraig? A peata, a buachaill bán, ‘duine stuama de na scoláirí is fearr riamh’ a bhí sa rang aici. Líreacán críochnaithe nach roinnfeadh a nótaí le héinne.
D’admhódh sí léi féin amháin go raibh sí buartha faoin nGearmáinis, H4 sa bhréagscrúdú – an marc ab ísle a bhí aici, ach níor ardaigh sí a cloigeann ó na bücher ó shin. Ach cén mhaith é sin anois di?
20 nóiméad fágtha.
Chaith sí súil amach an fhuinneog, rud a chuir an-imní uirthi. Ní raibh aon dul chun cinn déanta acu.
“Ná habair go bhfuilimd fós ar an tsráid chéanna? Nár bhogamar orlach in deich nóiméad? Cad tá ar siúl agat, in ainm Dé? Bhfuil seo ar siúl agat d’aon ghnó? An bhfuil tú ag iarraidh strus agus brú a chur orm? An bhfuil? Tá jab maith á dhéanamh agat, má tá. Tá ceadúnas agat, nach bhfuil? Tá sé ghiar agat sa ghluaisteán seo, nach bhfuil?
“Nílimid chomh fada sin anois ón scoil, a chroí.”
Chaith sí súil sa scáthán. Bhí an smidiú ag leá leis an allas ar a héadan.
“An bhfuil taispeántas á dhéanamh agat d’aon ghnó díom?” An amhlaidh go bhfuil tú ag iarraidh a bheith déanach? An bhfuil tú ag iarraidh a bheith mall? Ag iarraidh náire a chur orm? Ag iarraidh …?”
“Is leor sin, ambaiste. Tá mo dhóthain cloiste agam. Sin é! Níl aon dul as agam. ‘Cén neart atá agamsa air,’ a deirir. Nach bhfeiceann tú led dhá shúil go bhfuil an trácht trom? Ach níl sin maith go leor duit. Táimid sáinnithe. Ach níl sin maith go leor duit. D’fhágamar an teach go luath, ach tusa agus do ghruaig, ní raibh sin maith go leor duit. An bhanríon féin, agus ‘fan soicind’ aici sa scáthán de shíor. Cad is féidir liom a dhéanamh? Tusa an té a chuireann moill ar gach éinne eile. Cad is féidir liom a dhéanamh? Cuir an brú ar gach duine eile, ach ORT FÉIN. Cad is féidir liomsa a dhéanamh? CAD?”
B’annamh a chaill sé an bloc mar seo, ach nuair a chaill … Chuir sí na cluasáin isteach ina cluas d’fhonn ligint do Rihanna í a shuaimhniú.
“So, níl tú chun éisteacht liom anois! Nach bhfuil sin béasach uait? Déagóirí! Déagóirí uile na tíre mar an gcéanna. Ní bhíonn aon rud maith a dhóthain. Agus nuair a smaoiním ar gach rud atá déanta agamsa ar do shon … gach rud a rinneas dhuit ó saolaíodh tú … gach aon rud … síob anso, síob ansúd, ranganna piano, bailé … Right. Sin é, cuir do mhilleán orm, ORM! Déanfad rud éigin faoi, rud éigin anois, láithreach! An bhfuileann tú sásta anois? Féach ar seo!”
Gan leathshúil a chaitheamh sa scáthán ná leathshúil a chaitheamh thar a ghualainn, chas sé an roth stiúrtha go han-tobann agus suas leis ar an gcosán. Baineadh an-phreab as Áine – tharraing sí na cluasáin amach de phleib, agus,
“In ainm Dé, cad tá ar siúl agat? An bhfuil tú as do mheabhair? DAID?
Bhí sé ag gabháil síos cosán phríomhshráid an Chrócaigh, faoi luas, dhá roth ar chosán, dhá roth ar bóthar, ar scaradh gabhail, idir choisithe agus rothaithe á ruaigeadh as a shlí amhail cuileog. Bhí macallaí na mallachtaí fós le cloisint tríd na fuinneoga iata.
“A amadáin.”
“Gamall!”
“A phleidhce.”
“A thiarcais, cad tá ar siúl agat, in ainm Dé?”
“Gealt!”
“Cuirfead fios ar na Gardaí.”
Ní fhaca Áine na doirne san aer agus na méara á síneadh mar bhí a súile dúnta aici faoin dtráth seo agus í ag iarraidh éalú isteach i bpoll náire.
“Fág an bealach!”
“As an tslí.”
“Éigeandáil anseo, ag teacht tríd. Gabh amach as mo bhealach te tapaidh!”
Ansin d’iompaigh sé ar dheis, gan choinne. D’oscail Áine a súile nuair a chuala sí na hadharca feargacha.
“Ach, ach, …”
“Yep … You bet ye”
Agus chuir sé a chos síos … ar an miotal. Scaip gach tiománaí eile roimhe ar a dhícheall agus sceon orthu.
“Gabhal! Is sráid aontreo í seo! SA TREO EILE!”
Bhí aghaidh a hathar ina mónóg fola anois agus brat allais ag titim anuas ar a leicne. Ní fhaca sí mar seo riamh é.
“Nóiméad amháin eile anois, a Áine, ní loicfidh mé ort. Ná habair riamh gur ligeas síos thú. Níor ligeas síos thú riamh, an ndearna?”
Chas sé ag bun na sráide agus trasna na páirce glaise, mionéin á scaipeadh le haer.
“Féach, a thaisce, táimid beagnach ann, casadh amháin anseo, síos ón bhfóirchloch seo, agus beimid ann. Foighne, foighne, agus … ‘a stumpa óinsí, níl cead carr a thréigint i lár an bhóthair, bog isteach, bog isteach, a deirim …’”
“STOP IN AINM AN DLÍ.”
Chuala sí bonnán sula bhfaca sí é. Níorbh aon otharcharr a bhí ann, ach Garda buile ar ghluaisrothar ag ordú don tiománaí stopadh láithreach ar chliathán an bhóthair.
Rinne, agus dochma air.
Níor labhair ceachtar acu.
“Seas amach!”
Sheas.
“Tá a liacht dlí bóthair briste agat – ag tiomáint faoi luas os cionn na luasteorann, ag tiomáint ar chosán, ag tiomáint anuas sráid aontreo, agus thar aon rud eile, beatha daoine eile a chur go mór i mbaol ar na sráideanna agus … Sound familiar?”
D’ísligh Daid a cheann go mall.
“Sea, sea, a Gharda, admhaím go ndearna, ach … ach … tá leithscéal agam.”
“An bhfuil anois? Ba dheas liom é a chloisint.”
“Mar a tharlaíonn, seo m’iníon, Áine sa charr, agus …”
“Fág mise as!”
“… Agus tá scrúdú aici seo ar maidin; an Ardteist, tá fhios agat, agus tosnóidh sé i gceann cúig nóiméid i Scoil Chaitlín Naofa.”
Thug an Garda an mála scoile faoi deara agus d’ardaigh a chaipín beagáinín.
“Cén t-ábhar, a chailín?”
“Gearmáinis.”
“Tá Fraincis ag mo mhac féin sa Teastas Sóisireach ar maidin. Is féidir liomsa cabhrú libhse an uair seo, ar bhonn eisceachtúil. Lean mise, le bhur dtoil.”
Leanadar síos an tsráid é, na tiománaithe ag géilleadh don bhonnán agus an schüler Gearmáinise sna sála air.
Bhíodar lasmuigh de gheata na scoile i gceann dhá nóiméid.
“Go raibh míle maith agat, a Gharda, táimid an-bhuíoch.”
“Níl deireadh déanta agamsa leat, a bhuachaill. Lean mé go dtí an stáisiún.”
“Gach rud agat? Áine?”
Bhailigh sí a giúirléidí le chéile gan focal a rá.
“Baileoidh Maim thú tar éis … bhuel, go n-éirí go geal leat sa scrúdú.”
D’oscail sí an doras agus sheas amach ag tarraingt a mála ina diaidh.
Léim sé féin amach.
“Áine, Áine?”
Stop sí, gan chasadh.
“CAD?”
“Ná habair faic le Maim.”
Scríbhneoir is ea Liam Mac Peaircín as An Teampall Uachtarach, Co. Thiobraid Árann. Tá duaiseanna Oireachtais buaite aige. Foilsíodh Mo Thaibh-Bhéithe, a chéad chnuasach filíochta, i 2024




